RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí Cearta roinnt de na leanaí ag Foras Naomh Pádraig á sárú dar le tuarascáil

Nuacht is Déanaí

Cearta roinnt de na leanaí ag Foras Naomh Pádraig á sárú dar le tuarascáil

tuarascáil eisithe anois ag Cigire na bPríosún anois, a tharraingíonn aird ar cheisteanna dáiríre maidir le Foras Naomh Pádraig do chiontóirí óga.

Tugtar le fios sa tuarascáil go raibh cultúr éigin i gceist ann agus mar thoradh air sin, gur sáraíodh cearta roinnt de na leanaí agus de na daoine óga ansin, nó sin, go raibh neamhaird á déanamh orthu.

Is cosúil gur tugadh torthaí an tuarascála don Aire Dlí agus Cirt, Alan Shatter i mí an Mheithimh ach níor tugadh le fios na torthaí go poiblí go dtí tráthnóna aréir.

Dúirt sé go bhfuil gach iarracht á déanamh dul i ngleic leis an méid a léiríodh sa tuarascáil seo agus iarracht rudaí a chur ina gceart. Is cosúil go bhfuil clár athchóirithe curtha i bhfeidhm agus go bhfuil go leor den fhoireann ag Foras Naomh Pádraigh traenáilte arís. Deirtear go bhfuil deireadh curtha le go leor de na cleachtais a bhíodh i bhfeidhm ann freisin.

Dar le tuairiscí éagsúla, tá fiosrúchán á reáchtáil maidir le roinnt áirithe den fhoireann anois freisin.