Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Céadaoin 19 Meitheamh 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí Radhadh tugtha ag lucht na Sualainne maidir le mairteoil bhréige atá á díol

Radhadh tugtha ag lucht na Sualainne maidir le mairteoil bhréige atá á díol

Ríomhphost Priontáil PDF

Tá an Ghníomhaíocht Náisiúnta Bhia sa tSualainn tar éis rabhadh a thabhairt ar fud na hEorpa maidir le dallamullóg atá á chur ar dhaoine maidir le mairteoil.

Deirtear go bhfuil líon mór d’fheoil á díol mar mhairteoil ach i ndáiríre, is muiceoil í, a bhfuil dathúchán bia curtha leis.

Is scannal uafásach é seo mar tá an-imní faoin gcontúirt a bhaineann leis. Is féidir mairteoil a ithe agus í amh ach ní féidir muiceoil a ithe amh mar dhéanfadh sé go dona thú. Tá imní freisin go bhféadfadh an dathúchán bia féin a bheith contúirteach mar níl a fhios cén cineál go díreach atá in úsáid.

Táthar ag cur fainice ar dhaoine a bheith ar an airdeall agus iad ag ceannach feola.

Suirbhé

An mbíonn tú i mbun obair dheonach?





Torthaí

Twitter