Tá fear fós á cheistiú ag póilíní sa Bhreatain Bheag ar maidin inniu, maidir le bean as Éirinn atá ar iarraidh ansin.
Tá cuardach fós ar bun le hiarracht a dhéanamh teacht ar Catherine Gowing, atá 37 bliain d’aois agus as Co Uíbh Fhailí ó dhúchas. Creidtear áfach go bhfuil seans láidir ann go bhféadfadh sé gur dúnmharaíodh í.
Is tréidlia í Catherine agus chonacthas den uair dheireanach í beagnach seachtain ó shin anois. Bhí a láthair oibre, i mbaile Mold, á fágáil aici agus í ar a bealach abhaile.
Gabhadh fear, 46 bliain d’aois as an mBreatain Bheag, mar gheall go bhfuil amhras gur mharaigh sé Catherine.











