Tá sé beartaithe agóid a reáchtáil i mBéal Feirste inniu mar gheall gurb é seo an lá atá clinic príobháideach le hoscailt ansin, a mbeidh mná ábalta ginmhilleadh a fháil ann.
Beidh mná ó phoblacht na hÉireann ábalta úsáid a bhaint as freisin. Is é seo an chéad chlinic (príobháideach) dá leithéid ar oileán na hÉireann – eagraíocht Marie Stopes.
Tá daoine go leor, atá i gcoinne an ghinmhillte, ag iarraidh go ndúnfaí an clinic nua seo ach tá go leor ar a shon freisin.
I láthair na huaire, níl ginmhilltí mídhleathach i dTuaisceart Éireann ach tá srianta dochta i bhfeidhm.
Deirtear go bhfuil ionaid ag an eagraíocht seo i 42 tír éagsúla ar fud an domhain ar fad.
Is í Dawn Purvis – an t-iarcheannaire a bhí ar an bPáirtí Aontachtach Forásach i dTuaisceart Éireann – stiúrthóir an chlinic nua seo.











