Tá an fear gnó, Seán Quinn agus a mhac ar ais san Ard-Chúirt sa phríomhchathair arís inniu.
Tugadh orduithe do Quinn, dá mhac agus dá nia cuidiú leis an gCorparáid Éireannach um Réiteach Banc (IBRC), nó Anglo Irish Bank mar a thugtaí orthu tráth, agus tarraingt siar as scéim de scamhadh sócmhainní a bhí acu maidir lena gcuid comhlachtaí.
Cuireadh a mhac sa phríosún cheana féin ar feadh trí mhí i mí Iúil mar gheall gur ciontaíodh é as díspeagadh cúirte. Níor cuireadh Seán Quinn féin sa phríosún, le deis a thabhairt dó tuilleadh a dhéanamh chun an scamhadh sócmhainní a bhí ar bun acu a tharraingt siar agus gach rud a chur ina cheart.
Is inniu a thabharfar le fios dóibh an bhfuil dóthain déanta acu, ionas nach ngearrfar pianbhreith príosúin orthu.











