RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí Radharc CCTV aimsithe ag póilíní d'Éireannach atá ar iarraidh sa Bhreatain Bheag

Nuacht is Déanaí

Radharc CCTV aimsithe ag póilíní d'Éireannach atá ar iarraidh sa Bhreatain Bheag

Tá cuardach fós ar bun sa Bhreatain Bheag inniu, don seachtú lá as a chéile anois, le hiarracht a dhéanamh teacht ar Catherine Gowing, atá 37 bliain d’aois agus as Co Uíbh Fhailí ó dhúchas, atá ar iarraidh.

Creidtear áfach go bhfuil seans láidir ann go bhféadfadh sé gur dúnmharaíodh í.

Is tréidlia í Catherine agus chonacthas den uair dheireanach í seachtain ó shin anois. Bhí a láthair oibre, i mbaile Mold, á fágáil aici agus í ar a bealach abhaile. Tá físeán CCTV aimsithe ag póilíní anois freisin de Catherine in ollmhargadh in Queensferry agus í ag siopadóireacht. Deirtear gur cheannaigh sí píotsa di féin ansin.

Gabhadh fear, 46 bliain d’aois as an mBreatain Bheag, mar gheall go bhfuil amhras gur mharaigh sé Catherine agus deirtear go bhfuil cead é a choimeád go dtí deireanach tráthnóna inniu.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Parse Error: Specification mandate value for attribute data-aria-label-part
12:12PM Oct 30