Deirtear anois go mbeidh iallach ar thiománaithe nuacháilithe, plátaí nua ‘N’ a chur ar a gcarr tar éis dóibh an scrúdú tiomána a phasáil.
Is cosúil go mbeidh orthu na plátaí seo a bheith ar a gcarr acu ar feadh dhá bhliain ar fad, tar éis dóibh an scrúdú a phasáil. Seo de réir rialacha nua a deirtear atá beartaithe ag an Roinn Iompair, a leagan síos.
Tá súil go mbeidh Bille nua um Thrácht ar Bhóithre á fhoilsiú roimh dheireadh na bliana seo. Meastar, faoin mBille nua seo, nach mbeidh ar thiománaithe faoi oiliúint ach sé phointe pionóis a fháil, sula mbeifí ábalta iad a chur den bhóthar. I láthair na huaire, is 12 phointe atá i gceist. Meastar go mbeidh an rud céanna i gceist maidir le tiománaithe nuacháilithe leis na plátaí ‘N’.










