Tuairiscítear go bhfuil iarPhríomh-Aire na hIodáile, Silvio Berlusconi (76), tar éis labhairt amach ag a thriail, atá ag dul ar aghaidh ansin faoi láthair.
Deirtear go bhfuil sé ag maíomh nach raibh “dlúthchaidreamh” ar bith idir é féin agus cailín óg (faoi aois). Tá an triail seo ar bun faoi láthair mar gheall ar chúiseanna éagsúla atá curtha ina leith maidir leis an gcailín seo, a dtugtar ‘Ruby’ uirthi mar leasainm. Karima El-Mahroug an t-ainm ceart atá uirthi.
Tá sé curtha i leith Berlusconi gur íoc sé airgead le gnéas a bheith aige leis an gcailín seo.











