Tá fiosrúchán á reáchtáil ag Gardaí i mBaile Átha Cliath anois maidir le cos de dhuine éigin a aimsíodh ar thrá ansin.
Deirtear gur aimsíodh an chos ar thrá Chnocán Doirinne ag thart ar 9am ar maidin inniu. Is cosúil gur duine den phobal, a bhí amuigh ag siúl ag an am, a tháinig ar an gcos.
Cuireadh Oifig Phaiteolaí an Stát ar an eolas agus dúnadh an láthair don phobal ar fad.
Tuairiscítear gur aimsíodh lámh duine ar an trá céanna i mí an Mhárta anuraidh.










