Táthar le scrúduithe iarbháis a dhéanamh níos déanaí inniu ar choirp na leanaí óga, a maraíodh i gCo na Gaillimhe tráthnóna inné, an 21 Deireadh Fómhair.
Maraíodh Katie Gilmore, a bhí dhá bhliain d’aois, agus a deirfiúr Grace, nach raibh ach 12 sheachtain nuair a bhuail carr iad ar an N17 i nDún Mór, i dTuaim. Bhí siad amuigh ag siúl in éineacht lena n-athair ag an am.
Tugadh na leanaí chuig Ospidéal na hOllscoile Gaillimh ach fógraíodh go gairid ina dhiaidh sin go raibh siad básaithe. Tugadh an t-athair agus tiománaí an chairr chuig an ospidéal freisin ach deirtear nach bhfuil siad gortaithe ródhona.
Tuairiscítear go bhfuil fiosruithe á reáchtáil faoi láthair, le hiarracht a dhéanamh fáil amach an raibh taom de shaghas éigin ag an tiománaí sula raibh an timpiste aige.











