RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí An Taoiseach i bPáras le casadh leis an Uachtarán Francois Hollande

Nuacht is Déanaí

An Taoiseach i bPáras le casadh leis an Uachtarán Francois Hollande

Tá an Taoiseach, Enda Kenny, le casadh le hUachtarán na Fraince, Francois Hollande, i bPáras inniu.

Is é seo an chéad chuairt oifigiúil ag Kenny i bPáras mar Thaoiseach. Tá cruinniú le bheith acu agus meastar go bpléifear an toradh a bhí ar an gcruinniú mullaigh a bhí ag ceannairí an Aontais Eorpaigh ar an Aoine seo caite.

D’eisigh Seansailéir na Gearmáine, Angela Merkel agus an Taoiseach ráiteas aréir, ag rá go mbreathnófaí ar Éirinn mar chás speisialta nuair a bheadh idirbheartaíocht ar bun faoin ról atá ag an Sásra Cobhsaíochta Eorpach maidir le cuidiú leis na bainc atá i dtrioblóid.

Dúradh áfach go mbeifí ag díriú ar fhiacha a bheadh sa todhchaí amháin agus ní ar na fiacha atá ar na bainc cheana féin.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Foinse Ceathrar fós faoi choimeád maidir le dúnmharú fir i nGaillimh - http://is.gd/RnjMG3 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:30AM Jun 07
Foinse Pianbhreith le gearradh ar iarshagart as dhá chúis de mhí-úsáid ghn - http://is.gd/GG4KIs - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:15AM Jun 07
Foinse An Stát chun achomharc a dhéanamh maidir le rialú a thug an Ard-Chúi - http://is.gd/6uUlU6 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
02:46PM Jun 06
Foinse Deis cógais níos saoire a chur ar fáil d'othair - http://is.gd/duhG26 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
11:53AM Jun 06
Foinse Teachtaireacht ó cheannaire Al-Qaeda do mhuintir na Siria - http://is.gd/B1udmP - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:48AM Jun 06