RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí Cinneadh le déanamh ag an UCI maidir le Lance Armstrong

Nuacht is Déanaí

Cinneadh le déanamh ag an UCI maidir le Lance Armstrong

Deirtear gurb é inniu an lá a dhéanfaidh an tAontas Idirnáisiúnta Rothaíochta (UCI) cinneadh maidir leis an rothaí Lance Armstrong agus na líomhaintí atá curtha ina leith maidir le dópáil.

Is cosúil go dtabharfaidh siad le fios an bhfuil siad chun na craobhacha atá buaite aige ón Tour de France (seacht gcinn ar fad) a bhaint uaidh. Táthar le tabhairt le fios freisin an bhfuil siad chun an chinneadh a rinne ag Gníomhaireacht Frithdhópáil na Stát Aontaithe, toirmeasc saoil a ghearradh ar Armstrong, a dhaingniú nó nach bhfuil.

Tá sé curtha i leith Armstong go raibh baint aige le scannal ollmhór dópála le blianta fada anuas. D’éirigh leis an Tour de France a bhuachan gach bliain idir 1999 agus 2005.

Nuashonrú: Tá cinneadh déanta ag an UCI na craobhacha atá buaite ag Armstrong, a bhaint uaidh agus toirmeasc saoil a chur air, maidir leis an rothaíocht.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Foinse Ceathrar fós faoi choimeád maidir le dúnmharú fir i nGaillimh - http://is.gd/RnjMG3 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:30AM Jun 07
Foinse Pianbhreith le gearradh ar iarshagart as dhá chúis de mhí-úsáid ghn - http://is.gd/GG4KIs - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:15AM Jun 07
Foinse An Stát chun achomharc a dhéanamh maidir le rialú a thug an Ard-Chúi - http://is.gd/6uUlU6 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
02:46PM Jun 06
Foinse Deis cógais níos saoire a chur ar fáil d'othair - http://is.gd/duhG26 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
11:53AM Jun 06
Foinse Teachtaireacht ó cheannaire Al-Qaeda do mhuintir na Siria - http://is.gd/B1udmP - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:48AM Jun 06