Tá sé tugtha le fios anois go bhfuil thart ar 500 dochtúir comhairleach ó ospidéil ar fud na tíre, ag saothrú breis is €200,000 sa bhliain.
Deirtear go raibh an figiúr seo luaite i nóta mionteagaisc ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) féin. Tugadh le fios go bhfuil thart ar 104 grád difriúil i gceist i gcás tuarastal san earnáil freisin.
Ar an Déardaoin seo chugainn, tá éisteacht le bheith ar bun sa Chúirt Oibreachais maidir leis na cleachtais oibre atá ag dochtúirí comhairleacha.











