Creidtear anois go bhféadfadh sé go gcuirfí iallach ar an rothaí cáiliúil, Lance Armstrong, an t-airgead a fuair sé as ucht an Tour de France a bhuachan, seacht n-uaire ar fad, a íoc ar ais.
Tá an méid seo á thuairisciú tar éis don Aontas Idirnáisiúnta Rothaíochta (UCI) cinneadh a dhéanamh inné, na craobhacha a bhí buaite aige ón Tour de France (seacht gcinn ar fad) a bhaint uaidh, mar gheall gur chuir Gníomhaireacht frithdhópáil na Stát Aontaithe i leith Armstrong go raibh baint aige le scannal ollmhór dópála le blianta fada anuas.
Rinneadh cinneadh toirmeasc saoil a ghearradh ar Armstrong freisin.
Tá tuairiscí éagsúla ag maíomh gur bhuaigh Armstrong breis is $3 mhilliún óna chuid craobhacha ón Tour de France ach tuairiscítear go bhfuair sé breis is $7 milliún eile mar bhónas ó chomhlacht árachais.











