Tá an Bord Altranais tar éis an t-iarStiúrthóir Altranais a bhíodh ar theach altranais Leas Cross, a chiontú inniu as mí-iompar gairmiúil.
Bhí éisteacht á reáchtáil inniu ag coiste Fitness to Practice de chuid Bhord Altranais na hÉireann agus rinneadh an cinneadh gur theip ar Ghráinne Paula Conway, a chinntiú go raibh cúram ceart á fháil ag na daoine a bhí ina gcónaí ag Leas Cross. Deirtear anois go bhfuil a hainm tógtha den chlár altranais.
Chuir lucht an chláir, Prime Time Investigates, a bhíodh ar RTÉ, clár le chéile sa bhliain 2005, a bhí bunaithe ar an teach altranais seo agus ar líomhaintí de dhrochíde a dúradh a bhí ag tarlú ann.











