Rinne Gardaí agus oifigigh ó Sheirbhís Chustaim na gCoimisinéirí Ioncaim ruathar ar monarcha i gCo Lú go moch ar maidin inniu.
Deirtear gur monarcha sciúrtha breosla a bhí ann agus gur éirigh leo 30,000 lítear de bhreosla neamhcheadaithe a urghabháil. Tá an monarcha lonnaithe ar an Táite Bán, Crois an Mhaoir, i nDún Dealgan.
Gabhadh triúr fear ar fad – beirt as Tuaisceart Éireann agus duine le seoladh i gCo Lú agus tá siad á gcoimeád ag Gardaí i láthair na huaire.










