Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé hAoine 24 Bealtaine 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí Argos le roinnt dá siopaí a dhúnadh nó a athlonnú

Argos le roinnt dá siopaí a dhúnadh nó a athlonnú

Ríomhphost Priontáil PDF

Tuairiscítear go bhfuil sé beartaithe ag an ngrúpa, Home Retail, ar leo an comhlacht Argos, roinnt de shiopaí an chomhlachta a dhúnadh nó a athlonnú amach anseo.

Meastar go bhfuil rún acu thart ar 75 dá siopaí, ar a laghad, a dhúnadh nó a athlonnú as seo go ceann cúig bliana. Faoi láthair, tá an comhlacht dírithe ar chatalóga den chuid is mó ach deirtear go dteastaíonn ón ngrúpa Home Retail go ndíreodh Argos níos mó ar an tseirbhís dhigiteach, ionas go mbeadh seirbhís níos forleithne ar fáil.

Tá breis is 700 siopa ar fad ag Argos in áiteanna ar fud na hÉireann agus ar fud na Ríochta Aontaithe.

Suirbhé

An raibh ort déileáil le bulaíocht ag aon am ag an obair/ar scoil?




Torthaí

Twitter