RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí Fear eile maraithe tar éis do shiorc ionsaí a dhéanamh air

Nuacht is Déanaí

Fear eile maraithe tar éis do shiorc ionsaí a dhéanamh air

marcach toinne, a bhí 39 bliain d’aois, tar éis bás a fháil sna Stáit Aontaithe tar éis do shiorc ionsaí a dhéanamh air.

Tá an marcach ainmnithe mar Francisco Javier Solorio Jr. Tharla an t-ionsaí ag Surf Beach, in Santa Barbara, amach ó chósta California.

Deirtear gur maraíodh marcach toinne eile anseo, ag an trá céanna, sa bhliain 2010 freisin tar éis do shiorc ionsaí a dhéanamh air. Is siorc bán mór a rinne an t-ionsaí ar Lucas Ranson ar an 22 Deireadh Fómhair 2010.

Táthar ag moladh do dhaoine anois fanacht amach ón trá seo agus amach as an bhfarraige.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Parse Error: Specification mandate value for attribute data-aria-label-part
02:57AM Oct 22