Deirtear anois go bhfuil an cailín óg, a bhí ag tabhairt cás cúirte i gcoinne a tuismitheoirí maidir le drochthimpiste bhóthair a tharla, tar éis teacht ar shocrú leo.
Gortaíodh Faith Carberry, nach bhfuil ach 12 bhliain d’aois, go dona sa timpiste bhóthair a tharla i gCo Longfoirt agus maraíodh a deirfiúr, Ava agus a cara, Michaela Logan, nach raibh ach naoi mbliana d’aois. Bhí Faith ocht mbliana d’aois nach a tharla an timpiste bhóthair.
Bhí sí ag tabhairt cás cúirte i gcoinne a máthar, a bhí ag tiomáint an chairr, agus i gcoinne a hathar, úinéir an chairr. Gearradh téarma príosúin de cheithre bliana ar an máthair as tiomáint chontúirteach. Is cosúil gur alcólach í agus go raibh sí faoi thionchar an óil nuair a tharla an timpiste bhóthair. Deirtear go raibh sí curtha don bhóthar ag Gardaí roimhe seo freisin agus nach raibh cead ar bith aici a bheith ag tiomáint ar an mbóthar.
Tá an cailín óg, Faith, ag tabhairt cás cúirte i gcoinne Bhiúró Árachóirí Mótar na hÉireann freisin.
Deirtear go bhfuil sí féin agus a tuismitheoirí tar éis aontú ar shocrú maidir le cúrsaí dliteanais ach ní fios cén suim airgid atá i gceist. Is cosúil go mbeidh éisteacht ar bun arís i gceann trí seachtaine, chun cúrsaí a phlé maidir le damáistí.











