Tá sé tugtha le fios tráthnóna inniu gur éirigh le grúpa atá ag obair in Aerfort Bhaile Átha Cliath an pota óir a bhuachan sa lató thar an deireadh seachtaine.
Bhí €6.4 milliún ar fad sa phota óir agus deirtear go mbeidh €378,000 le fáil ag gach duine a bhí sa ghrúpa – 17 nduine ar fad. Deirtear nach dteastaíonn ó na daoine seo go mbeadh a fhios ag an bpocal cé hiad féin.
Bhailigh siad an seic tráthnóna inniu ag ceanncheathrú an Chrannchuir Náisiúnta.
Tá thart ar trí bliana caite ag an ngrúpa seo ag imirt an lató le chéile.











