RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí SIPTU le cruinniú á reáchtáil inniu maidir le Comhaontú nua Pháirc an Chrócaigh

Nuacht is Déanaí

SIPTU le cruinniú á reáchtáil inniu maidir le Comhaontú nua Pháirc an Chrócaigh

Tá Comhairle náisiúnta feidhmiúcháin an Ceardchumainn Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil (SIPTU) le casadh lena chéile inniu chun plé a dhéanamh ar Chomhaontú nua Pháirc an Chrócaigh.

Déanfar plé ar na moltaí atá déanta maidir leis an dréacht-shocrú atá curtha le chéile ag an gCoimisiún um Chaidreamh Oibreachais (LRC).

Beidh ciorrú pá i ndán do pholaiteoirí na tíre mar pháirt den chomhaontú nua seo agus beidh laghdú de €15,000 sa bhliain ar phá an Taoisigh Enda Kenny freisin.

I measc na moltaí, tá moladh go mbeidh ar oibrithe breis uaireanta a oibriú sa tseachtain agus chomh maith leis sin, go mbeidh na híocaíochtaí ar ragobair níos isle ná cheana. Táthar ag iarraidh go mbeidh ciorrú pá i gceist do dhaoine atá ag saothrú breis is €65,000 sa bhliain freisin.

Dheimhnigh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin le gairid nach bhfuil iomarcaíochtaí éigeantacha mar pháirt den Chomhaontú nua.

Creidtear nach ndéanfaidh SIPTU cinneadh go dtí an tseachtain seo chugainn maidir le moladh a thabhairt dá mbaill glacadh nó diúltú leis an gComhaontú nua seo.

Deirtear go bhfuil ceardchumann Unite chun moladh a thabhairt dá mbaill féin inniu áfach agus meastar go molfaidh siad dóibh diúltú don Chomhaontú nua.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Foinse Iallach ar Healy Camchuairt na Leon a fhágáil mar gheall ar ghortú - http://is.gd/100HLU - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
11:09AM Jun 07
Foinse Fiosrúchán ar bun maidir leis an tine ar thraen ó Bhéal Feirste go B - http://is.gd/xp7Iep - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
10:45AM Jun 07
Foinse Ceathrar fós faoi choimeád maidir le dúnmharú fir i nGaillimh - http://is.gd/RnjMG3 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:30AM Jun 07
Foinse Pianbhreith le gearradh ar iarshagart as dhá chúis de mhí-úsáid ghn - http://is.gd/GG4KIs - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:15AM Jun 07
Foinse An Stát chun achomharc a dhéanamh maidir le rialú a thug an Ard-Chúi - http://is.gd/6uUlU6 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
02:46PM Jun 06