RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí Aontú déanta i bprionsabal ag Airí Airgeadais na hEorpa maidir le síneadh ama d'aisíocaíochtaí na hÉireann

Nuacht is Déanaí

Aontú déanta i bprionsabal ag Airí Airgeadais na hEorpa maidir le síneadh ama d'aisíocaíochtaí na hÉireann

D’aontaigh Airí Airgeadais na hEorpa i bprionsabal aréir, breis ama a thabhairt d’Éirinn chun a gcuid aisíocaíochtaí a dhéanamh maidir le hiasachtaí tarrthála.

Is iad na haisíocaíochtaí atá i gceist ná na cinn atá le híoc ar ais acu ar na hiasachtaí a fuair siad ón tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF), is é seo an iasacht tarrthála.

Tá na hAirí Airgeadais – 27 ar fad – chun plé a dhéanamh ar an gcás inniu ag cruinniú atá le reáchtáil acu. Meastar go ndéanfar an síneadh ama a chéadú ag cruinniú a reáchtálfar i mBaile Átha Cliath an mhí seo chugainn.

Má cheadaítear é, deirtear go bhféadfadh Éire a lán airgid a shábháil go fadtéarmach agus gur dea-scéala a bheas ann do cháiníocóirí.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Parse Error: Specification mandate value for attribute data-aria-label-part
12:48AM Nov 29