Tá sé fógartha inniu go bhfuiltear chun thart ar 300 post nua a chruthú i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh.
Beidh na poist seo á gcruthú ag dhá chomhlacht éagsúla.
Is é an comhlacht bogearraí margaíochta, Hub Spot, as na Stát Aontaithe atá chun 150 post nua a chruthú ag a gcuid oifigí i lár na príomhchathrach. Tá siad seo le cruthú sa dá bhliain amach romhainn i réimsí éagsúla: díolachán, tacaíocht, margaíocht, forbairt agus innealtóireacht. I láthair na huaire, tá 22 duine fostaithe acu.
Is é an comhlacht FireEye, a dhíríonn ar shlándáil bogearraí, atá chun na poist a chruthú i gCorcaigh. Tá siad chun thart ar 150 post nua a chruthú freisin.











