Gearradh pianbhreith de bheagnach dhá bhliain sa phríosún ar mac Theachta Dála (TD) inniu maidir le cionta dáiríre a bhaineann le gluaisteánaíocht a bhí curtha ina leith.
Deirtear go raibh Peter Fleming (22), mac le Peter Fleming – Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil – páirteach i dtóir ardluais charranna le Gardaí.
D’admhaigh Peter cúiseanna éagsúla a bhí tugtha ina leith: tiomáint chontúirteach, tiomáint faoi thionchar an óil, carr a ghoid, carr a thiomáint gan cheadúnas ná gan árachas agus tionóisc buille is teitheadh.
Tá sé curtha den bhóthar ar feadh ceithre bliana ar fad freisin.











