RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí

Nuacht is Déanaí

Na freagraí ar na comhairliúcháin phoiblí i dTÉ maidir leis an nGaeilge agus an Ultais foilsithe

Táthar tar éis achoimre ar fhreagairtí ar na comhairliúcháin phoiblí i dTuaisceart Éireann (TÉ) maidir le dréachtstraitéisí faoin nGaeilge agus faoin Ultais, a fhoilsiú inniu.

Is í an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann, Carál Ní Chuilín, a d’fhoilsigh na hachoimrí seo. Reachtaladh na comhairliúcháin phoiblí seo idir an 11 Iúil agus an 27 Samhain 2012. Tugadh 274 freagra ar fad maidir leis an dréachtstraitéis le forbairt na Gaeilge a chosaint agus a fheabhsú.

Is iad na téamaí is mó a tháinig chun cinn sna freagraí seo ná: Tacaíocht Trasphobail, Maoiniú agus Acmhainní a Chur ar Fáil, Torthaí Teangeolaíochta, Oideachas, An Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, An Gá le Reachtaíocht agus mar sin de.

Is féidir an dá cháipéis a léamh in iomlán ach cliceáil ar na naisc seo a leanas: http://www.dcalni.gov.uk/irish_language_consultation.pdf agus http://www.dcalni.gov.uk/ulster-scots-consultation.

Foinse - News as Gaeilge

Did you understand this story? Here are the main points:

Responses to the Irish language and Ulster Scots public consultations in Northern Ireland published.

The public consultations on both strategies took place between 11 July and 27 November 2012.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Foinse Ceathrar fós faoi choimeád maidir le dúnmharú fir i nGaillimh - http://is.gd/RnjMG3 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:30AM Jun 07
Foinse Pianbhreith le gearradh ar iarshagart as dhá chúis de mhí-úsáid ghn - http://is.gd/GG4KIs - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:15AM Jun 07
Foinse An Stát chun achomharc a dhéanamh maidir le rialú a thug an Ard-Chúi - http://is.gd/6uUlU6 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
02:46PM Jun 06
Foinse Deis cógais níos saoire a chur ar fáil d'othair - http://is.gd/duhG26 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
11:53AM Jun 06
Foinse Teachtaireacht ó cheannaire Al-Qaeda do mhuintir na Siria - http://is.gd/B1udmP - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:48AM Jun 06