RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí John Gilligan scaoilte saor ón bpríosún

Nuacht is Déanaí

John Gilligan scaoilte saor ón bpríosún

Táthar tar éis an gáinneálaí drugaí ciontaithe, John Gilligan (61), a scaoileadh saor ó Phríosún Phort Laoise ar maidin inniu.

Gearradh pianbhreith de 28 bliain sa phríosún ar Gilligan ar dtús i mí an Mhárta 2001 ach baineadh ocht mbliana don phianbhreith seo mar thoradh ar achomharc a rinne sé sa bhliain 2003. Gearradh pianbhreitheanna eile air ansin, as nithe a rinne sé as bealach fad is a bhí sé istigh sa phríosún.

D’fhág sé an príosún ag 9.30am ar maidin agus d’imigh sé i gcarr le beirt fhear eile.

Bhí Gilligan á thriail freisin as dúnmharú an iriseora, Veronica Guerin, blianta siar ach éigiontaíodh é sa bhliain 2001 sa Chúirt Choiriúil Speisialta.

Foinse - News as Gaeilge

 

Did you understand this story? Here are the main points: 

Convicted drug trafficker John Gilligan has been released from Portlaoise Prison this morning. He was originally given a 28-year sentence in 2001, but this was reduced by eight years on appeal in 2003. Gilligan also stood trial for the murder of journalist Veronica Guerin but was acquitted by the Special Criminal Court in 2001. 

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Foinse Ceathrar fós faoi choimeád maidir le dúnmharú fir i nGaillimh - http://is.gd/RnjMG3 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:30AM Jun 07
Foinse Pianbhreith le gearradh ar iarshagart as dhá chúis de mhí-úsáid ghn - http://is.gd/GG4KIs - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:15AM Jun 07
Foinse An Stát chun achomharc a dhéanamh maidir le rialú a thug an Ard-Chúi - http://is.gd/6uUlU6 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
02:46PM Jun 06
Foinse Deis cógais níos saoire a chur ar fáil d'othair - http://is.gd/duhG26 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
11:53AM Jun 06
Foinse Teachtaireacht ó cheannaire Al-Qaeda do mhuintir na Siria - http://is.gd/B1udmP - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:48AM Jun 06