RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí

Nuacht is Déanaí

Seanóirí ag dul i mbun agóide maidir le ciorruithe

{jcomments on}Tá sé i gceist ag seanóirí dul i mbun agóide taobh amuigh den Dáil inniu, mar thoradh ar chiorruithe a fógraíodh sa cháinaisnéis an tseachtain seo caite.

I measc na gciorruithe, bhí laghdú maidir leis an gcárta leighis do dhaoine os cionn 70 bliain d’aois agus rinneadh cinneadh deireadh a chur leis an deontas méala freisin. Tá an grúpa, Parlaimint na Seanóirí in Éirinn, ag rá go bhfuil an-imní ar sheanóirí maidir leis na ciorruithe seo agus go bhfuil feachtas ar bun acu le hiarracht a dhéanamh iallach a chur ar an rialtas, iad a tharraingt siar.

Táthar chun agóid a reáchtáil taobh amuigh de Dáil Éireann ag 1.15pm inniu.

Foinse - News as Gaeilge

 

Did you understand this story? Here are the main points:

Senior citizens intend to protest outside the Dáil at 1.15pm today against cuts announced in last week's budget, which included a reduction in the over 70s medical card and the scrapping of the bereavement grant.

Fear gafa maidir le tionóisc buille is teitheadh sa phríomhchathair

{jcomments on}Tá fear, sna tríochaidí, gafa ag gardaí i mBaile Átha Cliath inniu maidir le tionóisc buille is teitheadh a tharla ansin.

Tharla an eachtra ag Trinity Lane in aice le Bóthar Chluain Life tráthnóna inniu, inar gortaíodh fear atá 34 bliain d’aois. Deirtear go bhfuil bail dháiríre air fós in ospidéal an Mater.  

Tá an fear a gabhadh inniu maidir leis an eachtra, á choimeád ag stáisiún na ngardaí i Muinseo faoi láthair.  

Foinse - News as Gaeilge

 

Did you understand this story? Here are the main points:

A man in his mid 30's has been arrested by Gardai in relation to a hit and run incident which occurred at Trinity Lane, Dublin yesterday.

The 34 yr old man who was injured in the incident remains in a serious condition in the Mater Hospital.

Fear ar thug an PSNI rabhadh faoi an tseachtain seo caite gafa i nDoire

{jcomments on}Táthar tar éis fear, a raibh Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (PSNI) sa tóir air ansin ón tseachtain seo caite, a ghabháil inniu.

Bhí siad sa tóir ar Kieran McLaughlin (58) mar gheall ar amhras a bheith orthu go raibh baint aige le dúnmharú Barry McCrory (35), i gcathair Dhoire a caitheadh in árasán ansin.

Bhí an t-árasán lonnaithe ar Shráid Ché na Long, os cionn áitreabh gnó. Tugadh rabhadh don phobal an tseachtain seo caite, gan dul in aice le McLaughlin ar chor ar bith, dá bhfeicfidís é, ach dul i dteagmháil leo féin ar an bpointe.

Creidtear go raibh gunna á iompar aige nuair a gabhadh é aréir ach nár caitheadh aon philéar.

Foinse - News as Gaeilge

 

Did you understand this story? Here are the main points: 

The PSNI have apprehended a suspect they named and warned the public about last week – Kieran McLaughlin (58) – in connection with the murder of Barry McCrory (35) in Derry last Thursday.

Fear (41) cúisithe as dúnmharú Elaine O'Hara i mBÁC

{jcomments on}Chuaigh fear, 41 bliain d’aois, os comhair na cúirte ar maidin inniu agus é cúisithe maidir le dúnmharú Elaine O’Hara.

Tá Graham Dwyer, as Carraig an tSionnaigh i ndeisceart Bhaile Átha Cliath , cúisithe as Elaine a dhúnmharú i mBaile Átha Cliath ar an 22 Lúnasa 2012, ar an lá a chuaigh sí ar iarraidh. Ní fios go díreach cén áit atá i gceist. 

Chonacthas Elaine O’Hara (36) den uair dheireanach ag thart ar 5.05pm ar an lá seo agus í ag fágáil a teach cónaithe ag Plaza Bheallairmín, An Chéim i mBaile Átha Cliath. Thángthas ar a gcuid iarsmaí i Sléibhte Bhaile Átha Cliath an mhí seo caite. Is bean a bhí amuigh ag siúl lena madra a tháinig ar na hiarsmaí.

Beidh Dwyer faoi choimeád go dtí an Aoine seo chugainn, go dtí go mbeidh air dul os comhair na cúirte arís.

Is cosúil go ndúirt Dwyer féin inniu nach bhfuil sé ciontach as dúnmharú Elaine O’Hara.

Foinse - News as Gaeilge

 

Did you understand this story? Here are the main points:

Graham Dwyer (41)  appeared at Dún Laoghaire District Court this morning charged with the murder of Elaine O'Hara.

He is charged with her murder on the 22 August 2012. Her remains were found in the Dublin mountains last month. He has been remanded in custody until next Friday. 

John Gilligan scaoilte saor ón bpríosún

{jcomments on}Táthar tar éis an gáinneálaí drugaí ciontaithe, John Gilligan (61), a scaoileadh saor ó Phríosún Phort Laoise ar maidin inniu.

Gearradh pianbhreith de 28 bliain sa phríosún ar Gilligan ar dtús i mí an Mhárta 2001 ach baineadh ocht mbliana don phianbhreith seo mar thoradh ar achomharc a rinne sé sa bhliain 2003. Gearradh pianbhreitheanna eile air ansin, as nithe a rinne sé as bealach fad is a bhí sé istigh sa phríosún.

D’fhág sé an príosún ag 9.30am ar maidin agus d’imigh sé i gcarr le beirt fhear eile.

Bhí Gilligan á thriail freisin as dúnmharú an iriseora, Veronica Guerin, blianta siar ach éigiontaíodh é sa bhliain 2001 sa Chúirt Choiriúil Speisialta.

Foinse - News as Gaeilge

 

Did you understand this story? Here are the main points: 

Convicted drug trafficker John Gilligan has been released from Portlaoise Prison this morning. He was originally given a 28-year sentence in 2001, but this was reduced by eight years on appeal in 2003. Gilligan also stood trial for the murder of journalist Veronica Guerin but was acquitted by the Special Criminal Court in 2001. 

Fear gnó (41) gafa maidir le dúnmharú Elaine O'Hara i mBÁC

{jcomments on}Gabhadh fear, 41 bliain d’aois, i mBaile Átha Cliath níos luaithe inniu maidir le dúnmharú Elaine O’Hara ansin.

Chonacthas Elaine O’Hara (36) den uair dheireanach ag thart ar 5.05pm ar an 22 Lúnasa 2012 agus í ag fágáil a teach cónaithe ag Plaza Bheallairmín, An Chéim i mBaile Átha Cliath. Thángthas ar a gcuid iarsmaí i Sléibhte Bhaile Átha Cliath an mhí seo caite. Is bean a bhí amuigh ag siúl lena madra a tháinig ar na hiarsmaí.

Gabhadh fear gnó, a deirtear atá pósta agus a bhfuil beirt pháistí aige, ag a theach cónaithe i gCarraig an tSionnaigh i ndeisceart Bhaile Átha Cliath go moch ar maidin inniu maidir leis an gcás agus tá sé faoi choimeád faoi láthair.

Foinse - News as Gaeilge

 

Did you understand this story? Here are the main points:

A 41-year-old south Dublin businessman was arrested in connection with the murder of Elaine O'Hara (36) this morning. She was last seen on the 22 August 2012 leaving her house in Stepaside. Her remains were found in the Dublin mountains last month.

15 bliana sa phríosún d'fhear (45) as drochúsáid ghnéasach a thabhairt do bhuachaill óg

Táthar tar éis 15 bliana sa phríosún a ghearradh ar fhear (45) as Loch Garman inniu, as buachaill óg a éigniú agus as drochúsáid ghnéasach a thabhairt dó thar roinnt mhaith blianta.

Tá trí bliana acu seo curtha ar fionraí áfach. Deirtear go ndeachaigh an drochúsáid seo ar aghaidh idir 1 Deireadh Fómhair 2007 agus 30 Meán Fómhair 2012. Bhí an buachaill ocht mbliana d’aois nuair a thosaigh sé ag tarlú ar dtús agus dúradh sa chúirt go raibh sé ag tarlú corr uair, sé bhabhta in aghaidh na hoíche.

Nuair a gabhadh an fear ar dtús, shéan sé na cúiseanna ina choinne ach go gairid ina dhiaidh sin, phléadáil sé ciontach maidir le cúiseanna éagsúla a bhain leis an drochúsáid ghnéasach. Tá a ainm thíos mar chiontóir gnéis.

Dúirt an buachaill óg, nár inis sé dada dá thuismitheoirí faoin ndrochúsáid ar dtús mar gheall go raibh náire air agus gur cheap sé dá gcuirfeadh sé lámh ina bhás féin, go mbeidh sé seo mar leigheas ar an gcás.

Foinse - News as Gaeilge

 

Did you understand this story? Here are the main points:  

A Wexford man (45) has been sentenced to 15 years in prison (with the last 3 suspended) for raping and sexually abusing a young boy. The boy was 8 years of age when the abuse started in 2007 and it went on until the man was arrested in 2012. 

Parse Error: Specification mandate value for attribute data-aria-label-part
09:37AM Oct 20