Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 17 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Oideachas Blag Gramadaí Réamhfhocail Shimplí roimh Chonsain

Réamhfhocail Shimplí roimh Chonsain

Ríomhphost Priontáil PDF

Is éard atá i gceist le Réamhfhocal Simplí, focal a thagann roimh an ainmfhocal agus a chuireann gaol le hainmfhocal san abairt in iúl.

Seo hiad na réamhfhocail shimplí sa Ghaeilge:

ag, amhail, ar, as, chuig, dar, de, do, faoi, gan, go, i, idir, ionsar, le, mar, ó, os, roimh, seachas, thar, trí, um.

Cuireann cuid acu séimhiú ar an ainmfhocal agus cuireann cuid eile urú ar an ainmfhocal. Tá cuid eile acu nach gcuireann aon athrú ar an ainmfhocal.

  • de, do, faoi, mar, ó roimh, trí, um : Cuirtear séimhiú ar ainmfhocail a leanann iad de ghnáth.

Ní shéimhíonn ‘um’ focal dar tús na gconsain p, bm.

Samplaí:

o   Tháinig Ciara abhaile faoi dheireadh.

o   Bhí an teach trí thine.

o   Mar shampla

o   Rachaidh muid ar saoire um Meitheamh.

  • ag, as, chuig, go, le, dar, seachas, os, amhail: Ní chuirtear séimhiú ar na hainmfhocail a leanann iad.

 

Samplaí:

o   D’eitil siad go Páras.

o   Chuaigh mé go Gaillimh le Rian.

o   Sheas siad os comhair an tsiopa

 

  • Ar, gan, idir, thar: Cuirtear séimhiú ar ainmfhocail a leanann iad i roinnt cásanna

 

Samplaí le séimhiú:

o   Bhí idir chailíní agus bhuachaillí ag an gcóisir (a chiallaíonn ‘both’ i mBéarla)

o   Ghlaoigh siad ar Pheadar.

o   D’fhan siad san Astráil thar bhliain.

Samplaí gan séimhiú:

o   Stop siad i sráidbhaile idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath. (a chiallaíonn ‘between’ i mBéarla)

o   Bhí an scannán thar cionn.

o   Bhí mé ar crith le heagla.

 

  • i: Cuirtear urú ar ainmfhocail a leanann ‘i’ i gcónaí.

o   Tá cónaí orm i nGaillimh

o   Tá sé ag tabhairt faoi i bPort Láirge

o   Bhí siad i mBéal Feirste.

Athraíonn ‘i’ go ‘in’ roimh áitainmneacha nach bhfuil Gaelaithe agus roimh theideal leabhair/dáin/gearrscéil.

Samplaí:

o   in Los Angeles.

o   in Cré na Cille.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

An aontaíonn tú gur cheart bunscoileanna beaga a dhúnadh ar fud na tíre?



Torthaí

Twitter

 
Foinse Kenny Dalglish briste as a phost - http://t.co/pbcSEjhd - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 11 hours ago
 
Foinse Díríonn alt faisin na seachtaine seo in Foinse ar Stíl na dTreibheanna le hearraí ó @NewLookFashion @nextofficial @brownthomas & tuilleadh
About 12 hours ago