go, le : Cuirtear ‘h’ roimh ainmfhocail dar tús guta
o Rachaidh siad go hÉirinn
o Ba mhaith liom dul go dtí an pictiúrlann le hÁine
o Tá sé ar intinn acu eitilt go hAlbain.
ag, amhail, ar, as, chuig, faoi, gan, idir, i *, mar, ó , roimh, seachas, thar, trí, um: Ní thagann athrú ar bith ar ainmfhocail dar tús guta.
o Tá sé ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
o Tá aithne agam ar Áine le blianta fada anuas.
o Tá eagla orm roimh Éanna.
o Tháinig sé trí agallamh deacair.
o Ba mhaith liom anraith mar aon le ceapaire.
*Athraíonn ‘i’ go ‘in’ roimh ghuta, roimh áitainmneacha nach bhfuil Gaelaithe agus roimh theideal leabhair/dáin/gearrscéil.
Samplaí:
o in Éirinn.
o in Los Angeles.
o in Cré na Cille.
de, do: Baintear amach an ‘e’ agus an ‘o’ in ‘de’ agus ‘do’ roimh ainmfhocail a thosaíonn le guta nó le ‘fh’. Ní chailltear an ‘e’ nó an ‘o’ roimh ‘fhr’ áfach.
o Bhain sé an hata d’Eoghan.
o Thug siad cuireadh d’Áine.
o Thug sí cupán tae d’fhear an tí.
o Glan d’fhuinneog anois díreach.
o Rinne an múinteoir tagairt do fhreagra an dalta
Réamhfhocail Shimplí agus an tAlt Uatha (an)
Tagann athrú beag ar chuid de na réamhfhocail nuair a chuirtear an réamhfhocal simplí leis an alt uatha (an).
Seo liosta díobh:
Réamhfhocal Simplí Réamhfhocal Simplí + an
- de den
- do don
- faoi faoin
- i sa (roimh chonsan nó ‘fr’)/ san (roimh ghuta nó ‘f’ + guta)
- le leis an
- ó ón
- trí tríd an
Is féidir na hathruithe a tharlaíonn ar an ainmfhocal i ndiaidh an réamhfhocail shimplí agus an ailt uatha a fheiceáil go soiléir sna samplaí seo:
Consain b,c,f,g,p – Cuirtear urú orthu
o Ag an mbúistéir
o Ag an gcarr
o As an bhfarraige
o Ón ngairdín
o Faoin bpáirc
Consain d, l, m, n, r, s, t – Ní chuirtear urú orthu
o Ag an dochtúir
o Ar an leabharlann
o Ón margadh
o Ag an nead
o Faoin rún
o Ón saighdeoir
o As an teach
Gutaí: a/á, e/é, i/í, o/ó, u/ú – Gan athrú
o Ón Aire
o Ar an eitleán
o Faoin iniúchadh
o Leis an Ollamh
o As an úll
Den, don, sa - Consain b, c, f, g, m, p – Cuirtear séimhiú orthu
o Den bhalla
o Don fhreastalaí
o Sa ghairdín
Den, don, sa - Consain d, l, n, r, t – Ní chuirtear séimhiú orthu
o Den deoch
o Don nead
o Sa téacs
Den, don, sa (roimh ‘fr’), san ( roimh ‘f’ nó ghuta) - Gutaí: a/á, e/é, i/í, o/ó, u/ú – Gan athrú seachas ‘sa’ agus ‘san’.
o Den iasc
o Don ordóg
o Sa Fhrainc
o San fhuinneog
N.B. I gcanúint Chúige Uladh ní chuirtear urú ar an ainmfhocal a leanann réamhfhocal simplí agus an t-alt. Glactar leis seo sa chaighdeán oifigiúil.
o Ag an bhun
o Ag an chluiche
o Chuig an gharáiste
Maidir le hainmfhocail bhaininscneacha a thosaíonn ar ‘s’ + guta nó le sl-, sn-, sr-, cuirtear ‘t’ rompu i ndiaidh réamhfhocal simplí + an.
o Ar an tsrón
o Ag an tsochraid
o Leis an tsaoirse
o Don tseachtain
o Sa tSín
Nuair a chuirtear na réamhfhocail shimplí leis an alt iolra ( na), tagann athrú ar ‘le’ agus ‘i’:
o Ag... ag na bainiseacha
o As... as na ceithre hairde
o I... sna cathracha
o Le... leis na búistéirí
N.B: Tar éis an ailt iolra (na), cuirtear ‘h’ roimh ainmfhocal a thosaíonn le guta agus ní chuirtear aon athrú ar ainmfhocal a thosaíonn le consan:
o Ag na hócáidí
o Faoi na hamhránaithe
o Leis na tuismitheoirí
o Ó na múinteoirí
Roinnt ceachtanna chun tú féin a thástáil; crochfar na freagraí Dé Luain seo chugainn.
Líon isteach na focail chearta (a, b, c) sna bearnaí thíos.
1. Bhí sé ina chónaí __ ____________. (a) i Washington, (b) in Washington, (c) sa Washington
2. Tá Seán ina chónaí __ __________ (a) i Nua-Eabhrac, (b) in Nua-Eabhrac, (c) sa Nua-Eabhrac
3. Bhí sé ina shuí __ __ __________ (a) ar an suíochán, (b) ar an tsuíochán, (c) ar an shuíochán
4. Tá siopaí móra __ __ __________ (b) ar an sráid, (b) ar an tsráid, (c) ar an shráid
5. Bhí Síle ag snámh ____ _________ (a) sa bhfarraige, (b) san bhfarraige, (c) san fharraige
6. Thit Seán __ _________ (a) den balla, (b) den mballa, (c) den bhalla
7. Bhí bláthanna áille _ _______ an dochtúra (a) i ghairdín, (b) i ngairdín, (c) i gairdín
8. Chuaigh an teach __ _______ (a) trí tine, (b) trí thine, (c) trí dtine
9. Tá Tomás ina chónaí ___ ______ (a) sa gcathair, (b) sa cathair, (c) sa chathair
10. Tá sé ina chónaí __ ______ mór (a) i dteach, (b) i teach, (c) i theach






