1 a haon
2 a dó
3 a trí
4 a ceathair
5 a cúig
6 a sé
7 a seacht
8 a hocht
9 a naoi
10 a deich
11 a haon déag
12 a dó dhéag
13 a trí déag
14 a ceathair déag
15 a cúig déag
16 a sé déag
17 a seacht déag
18 a hocht déag
19 a naoi déag
20 fiche
Seo an córas a úsáidtear nuair atá duine ag comhaireamh os cionn 20:
22 fiche a dó
28 fiche a hocht
33 tríocha a trí
37 tríocha a seacht
45 daichead a cúig
50 caoga
58 caoga a hocht
60 seasca a dó
64 seasca a ceathair
70 seachtó
72 seachtó a dó
80 ochtó
87 ochtó a seacht
90 nócha
93 nócha a trí
100 céad
109 céad a naoi
110 céad a deich
120 céad a fiche
140 céad a daichead
170 céad a seachtó
235 dhá chéad tríocha a cúig
862 ocht gcéad seasca a dó
1,349 míle, trí chéad, daichead a naoi
15,842 cúig mhíle dhéag, ocht gcéad, daichead a dó
1,000,381 milliún trí chéad ochtó a haon
Na Bunuimhreacha: Uimhreacha a úsáidtear le hainmfhocal
Úsáidtear an tAinmneach Uatha den ainmfhocal de ghnáth i ndiaidh bunuimhreacha.
- Aon: Séimhíonn ‘aon’ na consain b,c,f,g,m,p. Ní shéimhíonn ‘aon’ na consain d,t,s (aon chóta amháin, aon teach amháin)
- Dhá, trí, ceithre, cúig, sé: Séimhíonn agus tagann foirm uatha an ainmfhocail ina ndiaidh. (Trí chóta, sé mhadra)
- Seacht, ocht, naoi, deich: Cuirtear urú ar fhoirm uatha an ainmfhocal ina ndiaidh (Ocht gcóta, deich gcapall)
- I gcás na n-ainmfhocal ‘bliain’, ‘ceann’, ‘cloigeann’, ‘fiche’, ‘uair’, ‘pingin’, ‘scilling’, ‘seachtain’, ‘ubh’, tá foirmeacha faoi leith acu a úsáidtear tar éis uimhreacha ( ceithre bliana, cúig cinn, sé cloigne, seacht n-uaire)
11- 19: Is ionann na rialacha anseo agus na rialacha a bhaineann le 1-10 ach amháin go dtagann ‘déag’ ar lorg an ainmfhocail. (Aon chóta dhéag, dhá charr déag)
NB: Séimhítear túschonsan ‘déag’ nuair is ainmfhocal uatha a chríochnaíonn ar ghuta a thagann roimhe. (Trí oráiste dhéag)
Úsáidtear an fhoirm uatha den ainmfhocal i ndiaidh 20,30, 40, 50, 60, 70, 80, 90, 100, 1,000, 1,000,000 srl. (Fiche bord, tríocha capall, caoga punt.)
- 45 cat – cúig chat is daichead
- 23 buidéal – trí bhuidéal is fiche
- 93 leabhar – trí leabhar is nócha
Nuair a theastaíonn ó dhuine níos mó ná deich gcinn de rudaí a chomhaireamh, is é an córas seo a úsáidtear:
11-16 : aon charr déag, dhá – sé charr déag
17-19: seacht, ocht, naoi gcarr déag
20,21: fiche carr, carr is fiche
22 – 26: dhá, trí – sé charr déag
27 – 29 : seacht, ocht, naoi gcarr is fiche
Roinnt ceachtanna chun tú féin a thástáil; crochfar na freagraí Dé Luain seo chugainn.
Scríobh amach na huimhreacha seo go hiomlán i bhfocail:
- 66
- 489
- 1,245
- 257,890
- 2 (leabhar)
- 47(bó)
- 133 (ceacht)
- 2,400 (ceapaire)
- 10 (uair)
- 17 (geata)






