Dírimid ar an Aimsir Láithreach an tseachtain seo.
Baintear úsáid as an Aimsir Láithreach chun labhairt faoi rudaí atá fíor anois díreach, nó rudaí atá fíor go ginearálta.
Tá = Aimsir Láithreach
Táim/ tá mé
Tá tú
Tá sé/sí
Táimid
Tá sibh
Tá siad
San aimsir láithreach, baintear úsáid as ‘an’ chun ceist a chumadh. Cuireann sé urú ar thús an bhriathair a leanann é.
Foirm cheisteach
An bhfuil?
Nach bhfuil?
Freagra: Tá /Níl
Samplaí:
- Táim i mBaile Átha Cliath anois.
- Táim ar mo bhealach go dtí an cluiche faoi láthair.
- Tá sé 12 bhliain d’aois.
- Tá fearg an domhain orm.
- An bhfuil tú ar an mbealach?
- An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas?
Baintear úsáid as an Aimsir Ghnáthláithreach, ‘bí’, chun labhairt faoi rudaí a tharlaíonn go rialta nó i gcónaí. Baintear úsáid as ‘an’ chun ceist a chumadh. Cuireann sé urú ar thús an bhriathair a leanann é.
Bíonn = Aimsir Ghnáthláithreach
Bím NB ní scríobhtar ‘Bíonn mé’ de réir an chaighdeán
Bíonn tú
Bíonn sé/sí
Bímid
Bíonn sibh
Bíonn siad
Foirm cheisteach
An mbíonn?
Nach mbíonn?
Freaga: Bíonn/Ní bhíonn
Samplaí:
- Bím i mo shuí ag bun an ranga i gcónaí.
- Bím feargach leat an t-am ar fad.
- Bíonn traenáil agam gach uile Mháirt.
- Bíonn Sinéad as baile ag an deireadh seachtaine.
- An mbíonn tú ag imirt sacair?
- An mbíonn tú ag snámh?
Abair
Deirim – NB, scríobhtar ‘deirim’ agus ní ‘deir mé’
Deir tú
Deir sé/sí
Deirimid
Deir sibh
Deir siad
Foirm cheisteach
An ndeir?
Nach ndeir?
Freagra: Deir/ Ní deir. NB Níl aon’h’ sa fhreagra diúltach
Beir
Beirim
Beireann tú
Beireann sé/sí
Beirimid
Beir eann sibh
Beireann siad
Foirm cheisteach
An mbeireann?
Nach mbeireann?
Freagra: Beireann/ Ní bheireann
Clois
Cloisim
Cloiseann tú
Cloiseann sé/ sí
Cloisimid
Cloiseann sibh
Cloiseann siad
Foirm cheisteach
An gcloiseann?
Nach gcloiseann?
Freagra: Cloiseann/ Ní chloiseann
Déan
Déanaim
Déanann tú
Déanann sé/sí
Déanaimid
Déanann sibh
Déanann siad
Foirm cheisteach
An ndéanann?
Nach ndéanann?
Freagra: Déanann/ Ní dhéanann
Faigh
Faighim
Faigheann tú
Faigheann sé/sí
Faighimid
Faigheann sibh
Faigheann siad
Foirm cheisteach
An bhfaigheann?
Nach bhfaigheann?
Faigheann/Ní fhaigheann
Feic
Feicim
Feiceann tú
Feiceann sé/sí
Feicimid
Feiceann sibh
Feiceann siad
Foirm cheisteach
An bhfeiceann?
Nach bhfeiceann?
Feiceann/ Ní fheiceann
Ith
Ithim
Itheann tú
Itheann sé/sí
Ithimid
Itheann sibh
Itheann siad
Foirm cheisteach
An itheann?
Nach n-itheann? NB cuirtear ‘n-‘ roimh an mbriathar
Itheann/Ní itheann
Tabhair
Tugaim
Tugann tú
Tugann sé/sí
Tugaimid
Tugann sibh
Tugann siad
Foirm cheisteach
An dtugann?
Nach dtugann?
Freagra: Tugann/ Ní thugann
Tar
Tagaim
Tagann tú
Tagann sé/sí
Tagaimid
Tagann sibh
Tagann siad
Foirm cheisteach
An dtagann?
Nach dtagann?
Freagra: Tagann/ Ní thagann
Téigh
Téim
Téann tú
Téann sé/sí
Téimid
Téann sibh
Téann siad
Foirm cheisteach
An dtéann?
Nach dtéann?
Freagra: Téann/ Ní théann











