Ní féidir urú a chur le gach uile chonsan.
Seo liosta de na huruithe:
- m roimh b - ag an mbuachaill, ar an mballa, faoin mbord, ón mbialann srl.
- g roimh c - ag an gcailín, ar an gcathaoir
- n roimh d - ár ndoras, naoi nduilleog
- bh roimh f - ar an bhfuinneog, ar an bhfarraige.
- n roimh g - ár ngairdín, leis an ngarda.
- b roimh p - ar an bpiliúr, ár bpota
Is ionann an chaoi a dtéann urú i bhfeidhm ar na gutaí uile:
- a n-a bhur n-arásán
- e n-e bhur n-éin
- i n-i bhur n-iasc
- o n-o bhur n-oráistí
- u n-u bhur n-uibheacha
Cuirtear t + fleiscín ( t-) roimh ghutaí seachas nuair is ceannlitir an guta tosaigh a thagann ina dhiaidh.
- t-a ach tA
- t-e ach tE
- t-i ach tI
- t-o ach tO
- t-u ach tU
Samplaí:
- Tá an t-aontas sínithe acu.
Ach:
- Tá an tAontas Eorpach ag dul i méid.
Cuirtear ‘h’ roimh ghutaí a thagann ag tús ainmfhocail.
- ha - na haingil
- he - na héin
- hi - na himreoirí
- ho - na hollscoileanna
- hu - na húinéirí
Urú ar an mbriathar
Cuirtear urú ar thúslitir an bhriathair:
- tar éis na míreanna agus na gcónasc seo a leanas:
- an
- go
- nach
- cá
- dá
- mura
- sula
Samplaí
- An bhfuil tú ar an mbealach?
- Ní chuireann ‘an’ urú ar bhriathar a thosaíonn le guta: An ólann tú fíon?
- Dúirt tú go dtiocfaidh tú liom.
- Nach bhfuil tú ag iarraidh an scannán a fheiceáil?
- Cá bhfuil tú anois?
- Dá mbeadh a fhios agam nach raibh tú ag teacht, ní bheinn anseo.
- Mura bhfuil tú sásta an t-airgead a thabhairt dom, beidh fearg orm.
- Caithfidh mé slán a rá leis na cailíní sula bhfágaim.
- tar éis na míre coibhneasta indírí ‘a’ – díreoimid ar an gclásal coibhneasta go mion ar an mblag seo go luath.
Samplaí
- An cailín a bhfuil carr aici - The girl who has a car
- Cén clár a mbíonn tú ag breathnú air? – Which programme do you watch?
- An bhean a ndeachaigh a fear chéile ar iarraidh - The woman whose husband went missing.
- Cén áit a dtéann sibh ar saoire? – Which place do you go to on holidays?
- Cén chaoi a bhfuil tú? – How are you?
Uraítear briathra a thagann tar éis ‘a’ (nuair a chiallaíonn sé ‘all that’) agus ‘dá’
- Sin a bhfaca sí céad rud ar maidin – that’s all she saw first thing this morning.
- An bhean is cineálta dá bhfuil ann – the kindest woman there is.
Faigh
Cuirtear urú ar thúslitir ‘faigh’ tar éis ‘ní’ san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh coinníollach.
- Fuair mé -> Ní bhfuair mé
- Gheobhaidh mé -> Ní bhfaighidh mé
- Gheobhainn -> Ní bhfaighinn











