Cuirtear urú ar thúslitir ainmfhocail i roinnt cásanna:
- Tar éis an ailt (an):
- Sa tuiseal tabharthach uimhir uatha tar éis na réamhfhocal simplí seo:
Ag, ar, as, chuig, faoi, le, ó, roimh, thar, trí, um.
Má thosaíonn an t-ainmfhocal le d nó t áfach, ní uraítear é:
- Ag - Ag an gcluiche
- Ar - Ar an dáta
- As - As an bhfuinneog
- Chuig - Chuig an bpictiúrlann
- Faoi - Faoin mbord (athraíonn ‘faoi an’ go ‘faoin’)
- Le - Leis an gcarr
- Ó - Ón mbeár (athraíonn ‘ó an’ go ‘ón’)
- Roimh - Roimh an mbialann
- Thar - Thar an ngeata
- Trí - Tríd an mballa (athraíonn ‘trí’ go ‘tríd’ roimh ‘an’)
- Um - Um an mbaile
- Sa tuiseal ginideach, uimhir iolra:
- Bia na n-éan
- Cótaí na bhfear
- Bróga na mban
- Tar éis an réamhfhocail ‘i’:
- I gCorcaigh
- I mBaile Átha Cliath
- I dteach
- I mbialann
Athraíonn ‘i’ go ‘in’ roimh thúsghutaí, roimh ‘dhá’ agus roimh ‘bhur’:
- In uisce
- In dhá áit
- In bhur gcarr
- In áit ar bith
- Sna nathanna seo:
- Ar gcúl
- Ar ndóigh
- Ar dtús
- Go bhfios dúinn
- Cá bhfios dúinn?
- Tar éis na n-aidiachtaí sealbhacha iolra ár, bhur, a:
- Ár n-athair
- Ár bpáistí
- Bhur dteach
- Bhur gcuid airgid
- A mbróga
- A n-aintín
- Tar éis na n-uimhreacha seacht, ocht, naoi, deich:
- Seacht gcapall
- Seacht n-uaire
- Ocht gcapall
- Ocht n-uaire
- Naoi gcapall
- Naoi n-uaire
- Deich gcapall
- Deich n-uaire











