Tar éis an ailt (an) san ainmneach (nominative)/ sa chuspóireach (objective) uatha, cuirtear ‘t-’ (t + fleiscín ach amháin roimh cheannlitir) roimh:
(1) Thúsghutaí ainmfhocal firinscneach:
- An t-airgead
- An t-oráiste
- An t-im
- An t-uaigneas
ach
- An tAontas Eorpach
(2) Thúsghutaí i gcás aon, aonú, ocht, ochtó, ochtódú, ochtú.
- An t-aon bhean - the one woman
- An t-aonú bhean - the first woman
- An t-ochtó fear - the eighty men
- An t-ochtódú fear - the eightieth man
- An t-ochtú fear - the eight man.
Tar éis an ailt uatha (an), cuirtear ‘t’ (gan fleiscín) roimh ainmfhocail bhaininscneacha a thosaíonn le s + guta, chomh maith le hainmfhocail bhaininscneacha a thosaíonn le sl + guta, sn + guta, sr + guta. sa tuiseal ainmneach, cuspóireach agus tabharthach uatha
Samplaí:
- An tsnáthaid -the needle
- An tsráid -the street
- An tsúil - the eye
- Cúpla uair sa tseachtain - a few times per week
- Ar an tsráid - on the street
Sa ghinideach uatha i gcás ainmfhocail firinscnigh:
- Carr an tsagairt - the priest’s car
- Úinéir an tsiopa - the shop’s owner
Sa ghinideach i gcás séú, seachtú:
- Rothar an tséú fear -the sixth man’s bike
- I rith an tseachtú bliain -during the seventh year
Sa ghinideach i gcás seisear, seachtar:
- Cótaí an tseisear ban - the six women’s coats
- Carranna an tseachtar múinteoirí - the seven teacher’s cars











