Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Céadaoin 30 Eanáir 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Oideachas Cúpla Focal Cá bhfuil tú ag dul?

Cá bhfuil tú ag dul?

An tseachtain seo foghlaimeoidh tú conas:

  • Labhairt faoi laethanta saoire: How to discuss holidays
  • Ceisteanna a chur san aimsir chaite: How to ask questions in the past tense
  • Ceisteanna a fhreagairt san aimsir chaite: How to answer questions in the past tense

 

Bí ag léamh!

Saoire san Éigipt

Filleann an tumadóir Ruth Mellon ar an Muir Rua, áit a dtéann sí gach bliain:

Bhí bliain imithe thart ó bhí mé in Dahab, baile beag ar chósta thoir theas na leithinse Sinai san Éigipt. D’eitil mé ó Bhaile Átha Cliath go Londain agus ó Londain go Sharm el-Sheikh. Thaistil mé i dtacsaí ansin ón aerfort chuig an óstán.

Tháinig an bainisteoir amach le fáilte a chur romham. Bhí sé an-te agus nuair a thug an freastalaí sú mangó dom chaith mé siar go sciobtha é. Tháinig fear óg ansin agus thóg sé mo mhálaí go dtí an seomra leapa.

Chodail mé ar feadh tamaill agus ansin ghlac mé cithfholcadh. Chuir mé orm mo chuid éadaí samhraidh agus síos liom go dtí an linn snámha. D’ordaigh mé manglam agus lig mé osna. Bhí mé ar mo laethanta saoire ar deireadh agus bhí mé ag súil go mór le dul ag tumadóireacht ar an Muir Rua arís. D’fhan mé ansin ag féachaint ar an ngrian ag dul faoi.

Gluais

Leithinis: Peninsula

Freastalaí: Waiter/waitress

Sú mangó: Mango juice

Cithfholcadh: Shower

Manglam: Cocktail

Ag tumadóireacht: Diving

 

Cleachtadh

Léigh an téacs arís agus déan iarracht leagan Gaeilge a aimsiú le haghaidh na bhfrásaí thíos:

1. A year had gone by

2. On the south east coast

3. I travelled by taxi

4. The manager welcomed me

5. I showered

6. I ordered a cocktail

7. I was on holiday at last

8. I was looking forward to

9. Diving in the Red Sea

10. I watched the sunset

 

Bí ag Caint!

Déan iarracht na ceisteanna thíos a fhreagairt.

I. Cá ndeachaigh Ruth ar a laethanta saoire?

II. Cén modh taistil a bhí aici?

III. Cé a chuir fáilte roimpi ag an óstán?

IV. Céard a d’ól sí?

V. Céard a chonaic sí?

 


 

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter