An tseachtain seo foghlaimeoidh tú:
- Briathra a bhaineann le ham saor: Verbs to do with free time
- An aimsir fháistineach: The future tense
- Súil siar ar mhíonna na bliana: A look back at the months of the year
Bí ag léamh agus ag scríobh
(i) Léigh an comhrá thíos.
Síofra: Ar mhaith leat bia Síneach a ordú agus féachaint ar scannán?
Muireann: Cén t-am a chríochnóidh tú?
Síofra: Ar a cúig. Baileoidh mé tú ag an oifig. Rachaimid go dtí an siopa agus piocfaimid scannán amach le chéile.
Muireann: Rachaimid ina dhiaidh sin agus cuirfimid glaoch ar an mbialann. Tabharfaidh siad an bia go dtí an teach.
Síofra: Iontach. Feicfidh mé ar a cúig tú mar sin.
Muireann: Slán go fóill.
(i) Cuir líne faoi na briathra atá san aimsir fháistineach sa chomhrá thuas.
(ii) Céard a dhéanfaidh tusa anocht?
(a) rachaidh sibh go dtí an phictiúrlann
(b) rachaidh sibh ar shiúlóid
(c) rachaidh sibh go dtí an amharclann.
Bí ag scríobh
Céard a dhéanfaidh tú an tseachtain seo? Líon isteach do dhialann. Tá sampla déanta.
Bí ag labhairt!
(i) Úsáid do shamhlaíocht! Smaoinigh ar do chéad laethanta saoire eile. Cén uair a bheidh tú ag imeacht?
- Rachaidh mé i gceann seachtaine / míosa / bliana / dhá mhí…
- Rachaidh mé ag tús mhí an Mheithimh/ag tús mhí Mheán Fómhair
(ii) Freagair na ceisteanna a, b & c thíos duit féin.
(a) Cá rachaidh tú ar do laethanta saoire?
An Ghréig, An Astráil, Meiriceá, Tuaisceart Éireann, Iarthar Chorcaí
(b) Cé a bheidh leat?
Mo chlann / mo theaghlach / mo chairde / mo chuid
deirfiúracha / mo pháistí / m’fhear céile / mo mhadra
(c) Cá fhad a bheidh tú ann?
Ar feadh seachtaine / coicíse / míosa / bliana / ar feadh trí seachtaine / dhá mhí
(iii) Anois, cuir na ceisteanna céanna ar do chairde.



