- Foclóir a bhaineann le laethanta saoire: Vocabulary connected with holidays
- Conas ceist a chur san aimsir fháistineach: How to ask questions in the future tense
- Conas do phleananna saoire a phlé: How to discuss your holiday plans
An cuimhin leat?
Cuir isteach an aimsir fháistineach den bhriathar sna habairtí thíos. Tá an chéad cheann déanta duit.
- ___Beidh__ mé ag dul ar mo laethanta saoire an tseachtain seo chugainn (bí).
- __________ mé le mo dheirfiúr nuair a bheidh mé i mBaile Átha Cliatha (fan).
- __________ mé béile deas in óstán breá (ith).
- __________ mé ag siúl cois farraige (téigh).
- __________ mé le ceol ar mo ipod (éist).
- __________ mé mórán leabhar nuair a bheidh mé ar laethanta saoire (léigh).
- __________ mé leis an mbean a bheidh ag fanacht in aice liom (labhair).
- __________ mé ar scannán nuair a bheidh tuirse orm (féach).
- __________ mé fíon deas nuair a bheidh mé sa Fhrainc (ól).
- __________ éad ar mo chara! (bí).
Bí ag léamh agus ag scríobh!
Tá na ceisteanna agus na freagraí thíos. Léigh iad — an dtuigeann tú iad? An féidir leat ceisteanna agus freagraí cosúil leo a chumadh?
Cá mbeidh tú ag fanacht?
Beidh mé ag fanacht:
- in óstán
- i dteach lóistín
- i mo theach saoire
An mbeidh sibh ag fanacht le do thuismitheoirí?
Ní bheidh/Beidh:
- ar feadh cúpla lá
- go ceann míosa
Bí ag labhairt!
(i) Cum ceisteanna a mbeadh na habairtí seo mar fhreagra orthu.
- An Afraic Theas.
- Nóra agus Jenny.
- Ar feadh míosa.
- Ar an eitleán.
- Ag tonnmharcaíocht agus ag dreapadóireacht.
(ii) Cum abairtí iomlána bunaithe ar na freagraí thuas.
(iii) Bí ag comhrá le do chara faoi do shaoire.








