An tseachtain seo foghlaimeoidh tú:
- Cúig bhriathar neamhrialta san aimsir fháistineach: The future tense five irregular verbs
- Conas ceist a chur san aimsir fháistineach: How to ask questions in the future tense
- Conas scéal a insint san aimsir fháistineach: How to tell a story in the future tense
Bí ag léamh
Tá deireadh seachtaine á eagrú ag Gael Spraoi!.
Ar chostas €169 gheobhaidh tú dhá oíche Leaba & Bricfeasta, lá iomlán imeachtaí le lón agus dinnéar blasta Dé Sathairn san áireamh.
Beidh rogha fhairsing imeachtaí; surfáil, cadhcáil, siúlóid dúlra cois abhainn agus srl.
Fágfaimid slán ag a chéile tar éis bricfeasta ar an Domhnach. Chun áit a chur in áirithe nó chun a thuilleadh eolais a fháil:
Fón: Anna ar 091 49440 nó Seoirse 085 4232672.
eagrú: to organise
imeachtaí sóisialta: social events
rogha fhairsing: a wide variety
cur in áirithe: to book
san áireamh: included
Briathar Neamhrialta san aimsir fháistineach
Beir
- An mbéarfaidh tú?
- Béarfaidh mé/tú/sé/sí/sibh/siad
- Béarfaimid
- Ní bhéarfaidh
Faigh
- An bhfaighidh tú?
- Gheobhaidh mé/tú/sé/sí/sibh/siad
- Gheobhaimid
- Ní bhfaighidh
Ith
- An íosfaidh tú?
- Íosfaidh mé/tú/sé/sí/sibh/siad
- Íosfaimid
- Ní íosfaidh mé
Tabhair
- An dtabharfaidh tú?
- Tabharfaidh mé/tú/sé/sí/sibh/siad
- Ní thabharfaidh mé
- Tabharfaimid
Bí
- An mbeidh tú?
- Beimid
- Beidh mé/tú/sé srl
- Ní bheidh
Bí ag Scríobh!
A. Líon na bearnaí sna habairtí seo a leanas.
1. (Beir) An ______________ tú ar an liathróid? ___________ / ____ _____________
(Will you catch the ball? I will / I will not)
2. (Faigh) An _______________ tú cupán tae dom? ___________ / __ _____________
(Will you get me a cup of tea? I will / I will not)
3. (Ith) ___ ______________ tú an cáca ar fad? ___________ / ____ _____________
(Will you eat the entire cake? I will / I will not)
B. Cum scéal bunaithe ar na habairtí thuas. Tosaigh le: ‘An mbéarfaidh tú ar an
liathróid?’ a d’fhiafraigh Pól d’Áine. ‘Teastaíonn uaim cleachtadh.’
Seanfhocal na Seachtaine!
Ní neart go cur le chéile
There is no strength without unity.



