An bhfuil tú ag tabhairt aire duit féin?
An tseachtain seo foghlaimeoidh tú conas:
- Cur síos a dhéanamh ar thimpiste: Give an account of an accident
- Cealg foiche a leigheas: Cure a wasp sting
- Comhairle a chur ar dhuine: To advise someone
Bí ag Léamh!
Léigh na habairtí thíos agus déan cinnte go dtuigeann tú iad. Mura dtuigeann tú focal bain úsáid as d’fhoclóir.
1 Bhris mé mo lámh.
2 Tá pian i mo chluas.
3 Tá mo rúitín ata.
4 Tá fonn múisc orm.
5 Tá póit orm.
6 Ghortaigh mé mo dhroim.
7 Tá teocht an-ard agam.
8 Tá scornach tinn agam.
9 Tá tuirse orm an t-am ar fad.
10 Tá tinneas cinn orm.
A Ba cheart duit neart uisce a ól.
B Ba cheart duit cuairt a thabhairt ar an dochtúir.
C Ba cheart duit deoch te a ól.
D Níor cheart duit dul a luí.
E Caithfidh tú X-ghathú a fháil.
F Cuir caipín ort féin agus déan cinnte go bhfuil tú te go leor.
G Cuir leac oighir uirthi.
H Ba cheart duit sos a ghlacadh.
I Tá tú ag ól an iomarca.
J Ba cheart duit bia sláintiúil a ithe.
Bí ag Comhrá!
Tá Gráinne san ospidéal agus tugann Treasa cuairt uirthi.
Treasa: A Ghráinne, tá sé go hálainn tú a fheiceáil.
Gráinne: Dia duit, a Threasa. Cén chaoi a bhfuil tú?
Treasa: Táim ag teacht chugam féin arís.
Gráinne: Inis dom céard a tharla.
Treasa: Bhí mé amuigh sa ghairdín ag déanamh roinnt garraíodóireachta. Ní fhaca mé go raibh nead foiche sa bhalla taobh thiar den tor a bhí á bhaint agam.
Gráinne: Is dóigh gur chuir tú isteach orthu.
Treasa: Chuir agus bhí siad an-mhíshásta. Tháinig saithe i mo dhiaidh agus cé gur rith mé uathu níor éirigh liom éalú ar deireadh ach bhí go leor acu tar éis cealg a chur ionam.
Gráinne: An bhfuil pian ort?
Treasa: Níl sé ródhona anois ach bhí sé nimhneach aréir agus bhí mé ag caitheamh amach freisin.
Gráinne: An mbeidh ort fanacht anseo i bhfad eile?
Treasa: Ní dóigh liom é. Tá súil agam dul abhaile amárach.
Ceist: Ar chuir foiche nó beach cealg ionat riamh? Céard a rinne tú?
Leigheas: Cuir leac oighir air ar feadh 20 nóiméad / cuir taos fiacla air / réitigh taos le sóid aráin agus uisce/ cuir roinnt fínéagair ar fhlocas cadáis & brú ar an áit a ndeachaigh an chealg isteach ionat.
Seanfhocal na Seachtaine!
I dtosach na haicíde is fusa é a leigheas / A disease caught in time is easier to cure



