Foghlaimeoidh tú conas You will learn how to:
- cur síos a dhéanamh ar do ghnáthlá describe your average day
- dhá bhriathar san aimsir láithreach two verbs in the present tense
- roinnt slite beatha some occupations
Tá Síle agus Maitiú pósta le dhá bhliain anuas. Is dochtúir í Síle agus bíonn sí ag obair go dian san ospidéal. Is múinteoir agus feirmeoir é Maitiú. Ní bhíonn nóiméad aige. Oibríonn Síle ceithre lá sa tseachtain, ó a hocht a chlog ar maidin go dtí a sé a chlog trathnóna. Críochníonn Maitiú ar a trí a chlog sa scoil ach ansin téann sé abhaile agus bíonn sé ag obair ar an bhfeirm. Tá an t-ádh leis go gcríochnaíonn sé ar scoil go luath. Bíonn dinnéar ag Síle agus ag Maitiú le chéile gach oíche nuair a thagann Síle abhaile ón obair.
Ceisteanna:
- Cén fhad (how long) a bhfuil Síle pósta le Maitiú?
- Cén fáth (why) nach mbíonn nóiméad ag Maitiú?
- Céard (what) a dhéanann Maitiú tar éis na scoile?
- Cá (where) mbíonn Síle ag obair?
Abairtí úsáideacha:
Líon na bearnaí leis na briathra thíos:
Is rúnaí mé. __________ leis an dochtúir Ó Máille. _______________ ag obair ar a naoi ar maidin. ____________ briseadh lóin idir 1:00 agus 2:00. ____________ an teileafón agus _______ ag obair ar an ríomhaire. _______________ ar a cúig a chlog trathnóna.
Foclóir:
freagraím (freagair), oibrím (obair), críochnaím (críochnaigh), tosaím (tosaigh), glacaim (glac), bím (bíonn)
Céard fút féin. Bí ag scríobh:
Is __________ mé. Oibrím in ospidéal/i meánscoil/i monarcha/i siopa. Tosaím ag obair ar _____ a chlog gach maidin. Glacaim briseadh lóin idir _____ agus ________. Cabhraím leis na custaiméirí/na cliaint (clients)/ na hothair (patients). Críochnaím an obair ar _____ a chlog agus téim abhaile.
Foclóir:
altra (nurse), oibrí monarchan (factory worker), freastalaí (waiter/waitress), múinteoir (teacher), rúnaí (secretary), bean/fear an tí (housewife/husband)
Bí ag comhrá!
Lig ort gur tú Enda Kenny/Mary Lou McDonald/ an tSiúr Stanislaus Kennedy/ Sharon Ní Bheoláin/ Pat Shortt agus déan cur síos ar do ghnáth lá.
Freagair na ceisteanna a leanas chun cabhrú leat:
- Cén t-am a éiríonn tú?
- Cén t-am a itheann tú an bricfeasta?
- Cén modh taistil a bhíonn agat?
- Cé hiad na daoine lena labhraíonn tú?
- Cá n-íosann tú an lón?
- Cé a bhíonn in éineacht leat?
- Cén t-am a chríochnaíonn tú don lá?
Tomhas na seachtaine!
Bhí ridire ann lá & theastaigh uaidh cuairt a thabhairt ar an mbanríon.
Dúradh leis a bheith ann díreach ar 17:00.
Ag luas 15km san uair bheadh sé ann uair a’ chloig ró-luath.
Ag luas 10km san uair bheadh sé ann uair a’ chloig ró-dhéanach.
Ceisteanna: Cén t-am ar fhág sé?
Cén fhad ar thaisteal sé?
Cén luas a bhí aige?
Nod na Seachtaine:
Briathar rialta/céad réimniú/aimsir láithreach:Regular verb/first conjugation/present tense
Dún(to close):Dúnaim, dúnann tú, dúnann sé/sí, dúnaimid, dúnann sibh, dúnann siad
Bris(to break):Brisim, briseann tú, briseann sé/sí, brisimid, briseann sibh, briseann siad








