RSS

TÁ TÚ ANSEO Oideachas Foinse Óg Clocha Oghaim bronnta ar thrí Scoil Náisiúnta sa Trá Mhór

Foinse Óg

Clocha Oghaim bronnta ar thrí Scoil Náisiúnta sa Trá Mhór

PBarn_TraMhor_2HCross_Tramore_2GlorNaMara_Tramore_2

Bronnadh clocha oghaim a bhí deartha go speisialta ar dhaltaí agus ar mhúinteoirí ó na trí bhunscoil sa Trá Mhór  – Scoil na Croise Naofa, Glór na Mara agus Gaelscoil Philib Barúin – le déanaí, mar aitheantas ar an obair a dhein daltaí ó Rang a 5 agus Rang a 6 sna scoileanna ar Thionscadal Logainmneacha an Chanónach de Paor. B’iad Cartlannaí agus Oifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Phort Láirge a bhronn na clocha oghaim ar gach scoil, le hainm Ghaeilge na scoile greannta orthu.

Dhein daltaí sna scoileanna taighde ar a gceantair áitiúla agus labhair siad le daoine áitiúla chun fianaise a bhailiú maidir le hainmneacha na bpáirceanna ina ndúichí féin. Bhailigh said scéalta áitiúla agus rinne said taighde ar léarscáileanna agus ar chartlanna chun ainmneacha páirceanna agus gnéithe logánta a fháil amach.

Cuireadh a gcuid oibre ar thaispeántas in Ionad Chultúrtha Gharda an Chósta sa Trá Mhór le déanaí, mar chuid d’fhéile chultúrtha Thionól an Fhómhair, agus beidh sé ar fáil go buan ar shuíomh idirlíon Chomhairle Contae Phort Láirge (faoi roinn na gCartlanna) go luath - http://www.waterfordcoco.ie/ga/seirbhisi/anchartlann/taispeantaisarline/

Foinse Iallach ar Healy Camchuairt na Leon a fhágáil mar gheall ar ghortú - http://is.gd/100HLU - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
11:09AM Jun 07
Foinse Fiosrúchán ar bun maidir leis an tine ar thraen ó Bhéal Feirste go B - http://is.gd/xp7Iep - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
10:45AM Jun 07
Foinse Ceathrar fós faoi choimeád maidir le dúnmharú fir i nGaillimh - http://is.gd/RnjMG3 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:30AM Jun 07
Foinse Pianbhreith le gearradh ar iarshagart as dhá chúis de mhí-úsáid ghn - http://is.gd/GG4KIs - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:15AM Jun 07
Foinse An Stát chun achomharc a dhéanamh maidir le rialú a thug an Ard-Chúi - http://is.gd/6uUlU6 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
02:46PM Jun 06