RSS

TÁ TÚ ANSEO Oideachas Foinse Óg Féile Drámaíochta na mBunscoileanna i gCeatharlach

Foinse Óg

Féile Drámaíochta na mBunscoileanna i gCeatharlach

ceath

Eagróidh Glór Cheatharlach Féile Dhrámaíochta do Bhunscoileanna in amharclann G.B. Shaw ar an Mháirt, 12 Márta i rith Sheachtain na Gaeilge. Tá cuireadh tugtha do mhúinteoirí agus bunscoileanna uile timpeall an chontae drámaí a ullmhú agus a léiriú ar an stáitse ar an lá.

Tá roinnt mhaith drámaí cláraithe cheana féin agus páistí i mbun cleachtaidh. Is cinnte go mbeidh sceitimíní ar na daltaí agus iad i mbun aisteoireachta ar stáitse na hamharclainne.

Taispeántas a bhíonn i gceist san fhéile dhrámaíochta gach bliain leis an mbéim ar spraoi agus siamsaíocht seachas ar iomaíocht. Ní bhíonn comórtasduaiseanna san áireamh. Tá an ócáid oscailte do rang ar bith ó naíonáin bheaga go rang a sé. Is i rith am scoile a bheidh an fhéile ar siúl agus beidh fáilte roimh lucht féachana. Cead isteach saor.

Tá gach eolas agus foirmeacha iarratais ar fáil ó Glór Cheatharlach ach glaoch ar 059 9158105, 085 1340047 nó ríomhphost a sheoladh chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbat-turscar. Caithfidh JavaScript a bheith cumasaithe chun é a fheiceáil.

Foinse Ceathrar fós faoi choimeád maidir le dúnmharú fir i nGaillimh - http://is.gd/RnjMG3 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:30AM Jun 07
Foinse Pianbhreith le gearradh ar iarshagart as dhá chúis de mhí-úsáid ghn - http://is.gd/GG4KIs - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:15AM Jun 07
Foinse An Stát chun achomharc a dhéanamh maidir le rialú a thug an Ard-Chúi - http://is.gd/6uUlU6 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
02:46PM Jun 06
Foinse Deis cógais níos saoire a chur ar fáil d'othair - http://is.gd/duhG26 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
11:53AM Jun 06
Foinse Teachtaireacht ó cheannaire Al-Qaeda do mhuintir na Siria - http://is.gd/B1udmP - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:48AM Jun 06