Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 04 Aibreán 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Oideachas Foinse sa Rang Mionchomhlacht cruthaithe ag daltaí óga as Cill Chainnigh

Mionchomhlacht cruthaithe ag daltaí óga as Cill Chainnigh

Ríomhphost Priontáil PDF
kla_foinse

Chruthaigh triúr cailíní óga, Aoife Ní Chorra, Cáit Nic Craith agus Liza Ní hUrthuile, ó Choláiste Pobail Osraí, mionchomhlacht le gairid darb ainm KLA Hair Products.

D’éirigh go han-mhaith leo agus mataí do dhíritheoirí gruaige á ndíol acu.

Teastaíonn ó na cailíní seo go mbeadh an deis ag cailíní eile agus ag mná a gcuid gruaige a dhéanamh go cúramach agus nach mbeadh aon dainséar i gceist fad is a bhíonn siad á díriú.

Le déanaí, ghlac said pháirt sna gradaim, Student Enterprise Awards agus tháinig siad sa chéad áit sa chatagóir idirmheánach. Tá said anois tríd go dtí an Chraobh Náisiúnta a bheas i bPáirc an Chrócaigh ar an seachtú lá déag de mhí Aibreáin.

suíomh idirlín, leathanach Facebook agus leathanach Twitter acu. Is féidir leat do mhata do dhíritheoir gruaige féin a cheannach freisin. Tá costas €8 orthu.

Níl ort ach glaoch a chur ar an uimhir seo a leanas: 086 8868665. Is féidir ceann a cheannach i gCill Chainnigh freisin, sna gruagairí seo a leanas: Salon 87, Hair by Nigel, Top Notch, Anton’s agus Boston Belle.

Suirbhé

An gcaitheann tú uaireadóir?



Torthaí

Twitter