RSS

TÁ TÚ ANSEO Spórt

Daoine óga (agus eile) ag taisteal

Bhí mé amuigh ag Aerfort Átha Cliath faoi dhó le seachtain anuas chun mo bheirt mhac a bhailiú agus iad sa bhaile don Nollaig. Is iomaí cúis ag duine a thír dhúchais a fhágáil. An ghéarchéim sa gheilleagar, ar ndóigh, an fáth a bhfuil go leor daoine ag imeacht leo i láthair na huaire. Mar a scríobhadh in amhrán de chuid Einniú:

Ó níor theastaigh uathu imeacht

óna gcairde, óna gclann

ach céard eile a bhí le déanamh

nuair nach bhfuil aon obair ann?

 

Ach measaim féin nach deireadh an tsaoil é an imirce. Tá domhan fada fairsing amuigh ansin agus deis ag daoine anois cuid éigin de a fheiceáil. Diabhal locht a bheadh agam orthu dá gcinnfidís an t-ancaire a thógáil agus a gcuid seolta a chrochadh ar feadh bliain nó dhó nó trí.

Nach méanar do lucht spóirt, a deirim, na himreoirí sacair go háirithe, a bhíonn ag taisteal ó thír go tír. Bliain anseo, trí bliana ansiúd agus iad ar a ndícheall saibhreas a chnuasach a choinneoidh an gorta uathu tráth nach mbeidh an ráchairt chéanna ar a gcuid scileanna ar pháirc na himeartha.

Ní ag caint ar imreoirí ardtuarastail atá mé, daoine ar nós Zlatan Ibrahimović nó Samuel Eto’o, ach ar na spailpíní sacair nach gcloistear fúthu mórán ar chor ar bith ach a shaothraíonn mar sin féin in aon seachtain amháin an oiread céanna is a shaothróinn féin in imeacht bliana.

Ach má shocraigh Gérard Depardieu, duine de mhóraisteoirí na Fraince, a thír dhúchais féin a fhágáil ag tús na míosa agus cur faoi i ndeisceart na Beilge de bharr ghéire an chórais cánach sa Fhrainc, ní lá fós é an cáineadh géar a tharraing sé air féin ó chuid den phobal.

Gníomh suarach’ a bhí ann, dar le príomh-aire na tíre, Jean-Marc Ayrault, gur shocraigh Depardieu éalú ón bhFrainc chun nach mbeadh air a chuid cánacha a íoc. ‘Is duine saor mé,’ arsa Depardieu, ‘níor mharaigh mé éinne… is féidir liom dul pé áit is mian liom.’

Nuair a tháinig François Hollande i gcomharbacht ar Nicolas Sarkozy mar uachtarán ar an bhFrainc i mí na Bealtaine seo caite, d’fhógair sé láithreach go gcuirfí i bhfeidhm ráta nua cánach. An té a raibh ioncam de mhilliún euro nó níos mó in aghaidh na bliana á shaothrú aige, bheadh air 75% a íoc ar gach euro os cionn an mhilliúin.

‘An ghéarleanúint is measa ó bhí an réabhlóid ann sa bhliain 1789,’ dar le Boris Johnson, méara Londan, ag caint dó le deireanas faoin léigear cánach atá á dhéanamh ar lucht an rachmais sa Fhrainc. Thug sé le fios go gcuirfí i gcónaí fáilte roimh fhiontraithe óga ón bhFrainc teacht go Londain má theastaigh uathu gnó a chur ar bun ann.

Tuigtear go bhfuil os cionn 400,000 Francach ina gcónaí i bpríomhchathair na Ríochta Aontaithe faoi láthair agus fonn orthu fanacht ann de réir cosúlachta. Ina measc, áirítear neart imreoirí gairmiúla sacair, iad meallta ag airgead mór agus ag rátaí cánach atá níos cineálta ná sa Fhrainc féin.  

Ní hé Depardieu an t-aon Fhrancach riamh a shocraigh cur in aghaidh bheartas cánach an rialtais. Tá na céadta duine eile, idir aisteoirí agus cheoltóirí, lucht tionscail agus imreoirí sacair, tar éis an Fhrainc a fhágáil agus iad lonnaithe anois ar an gcoigríoch, an Bheilg agus an Eilvéis mar shampla mar aon le Sasana, áit a deir siad ina gcaitear go cothrom leo.

Ach líonfar an follús a fhágfaidh Depardieu ina dhiaidh. Ní fada go bhfeicfear daoine óga eile ag teacht chun tosaigh atá chomh cumasach céanna leis. Go deimhin, tá lánchead ag Depardieu cónaí pé áit is mian leis agus ní chuirfidh mé ina aghaidh má roghnaíonn sé na cosa a thabhairt leis toisc go measann sé go bhfuil a chuid déanta aige ó thaobh cúrsaí cánach de.

Is cinnte go mbíonn an teacht is an imeacht ag na haerfoirt crua ar dhaoine an tráth seo bliana. Ach dá mbreathnófaí ar an scéal go fuarchúiseach, níor cheart a bheith thíos ar an imirce. Tá neart neart buntáistí bainteach léi. Pé scéal é, nuair atá an cinneadh déanta ag duine imeacht, ní fiú cur ina choinne.

Cúige Laighean v ASM Clermont

Cloistear ó am go chéile daoine ag gearán faoi chaighdeán an rugbaí i Sraith RaboDirect agus, má táimid le bheith macánta faoi, tá údar maith casaoide acu. Go deimhin, ní féidir an dubh a chur ina gheal ar dhaoine agus mura mbíonn na sluaite tacadóirí i láthair ag na cluichí rugbaí in Murrayfield nó in Cardiff Arms Park, caithfidh sé go bhfuil cúis éigin leis.

Aon fhoireann déag ó Shraith RaboDirect a bhí in iomaíocht i gCorn Heineken i rith an deireadh seachtaine seo chuaigh thart. Orthu sin ar fad, níor bhuaigh ach trí cinn díobh, is iad sin Connachta agus Ulaidh mar aon le Mumhain, ar a gcéilí comhraic.

Cuir é sin i gcomparáid leis na clubanna ón bhFrainc. Ar na seacht bhfoireann ón Top Quatorze a d’imir cluiche coirn an deireadh seachtaine seo caite, bhuaigh sé cinn díobh agus tá gach cosúlacht ar an scéal ag an bpointe seo go n-éireoidh le trí fhoireann (ar a laghad!) as a measc siúd cáiliú don bhabhta ceathrú ceannais den chomórtas, is iad sin RC Toulon, Stade Toulousain agus ASM Clermont Auvergne.

Is fíor nár chruthaigh na sé fhoireann ó Shasana atá in iomaíocht i gCorn Heineken chomh maith céanna sa tríú sraith de chluichí coirn a imríodh Dé hAoine, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh seo caite. Ach féach gur Saracens agus Harlequins atá ar bharr Ghrúpa 1 agus 3 faoi seach agus cluichí baile acu araon an deireadh seachtaine beag seo (Saracens v Mumhain agus Harlequins v Zebre).

Agus má tá Tíogair Leicester sa dara háit i nGrúpa 2 agus iad trí phointe taobh thiar de Toulouse, ní dócha go bhfuil a rás rite fós go háirithe agus cluiche baile le himirt acu in aghaidh Stade Toulousain i mí Eanáir seo chugainn. Seans láidir, mar sin, go n-éireoidh le trí fhoireann ó Shasana cáiliú don chéad bhabhta eile den chomórtas.

Agus céard faoi na foirne cúige ó Éirinn? Má ghlactar leis go mbainfidh Ulaidh ceann eile de na háiteanna cáilíochta amach, ní bheidh fágtha ansin ach áit amháin le líonadh agus foirne go leor, leithéidí Castres agus Montpellier mar aon le Racing Métro, in iomaíocht go fóill agus deis mhaith acu tuilleadh pointí a ghnóthú sna laethanta amach romhainn.

Níl dearmad déanta agam ar na Laighnigh ná ar na Muimhnigh ar ndóigh. Má bhuann siad araon na trí chluiche atá fós le himirt acu idir seo agus deireadh mhí Eanáir, go háirithe má éiríonn leo na cluichí a bhainistiú i gceart agus corrphointe bónais a bhreith leo, feicfear iad sa bhabhta ceathrú ceannais.

Ach tuigeann Joe Schmidt agus Rob Penney go maith nach maithfear dóibh aon teip eile sa chomórtas agus brú damanta orthu agus ar a gcuid imreoirí dá bharr. Agus é faoi agallamh ar Newstalk Rugby ag tús na seachtaine, dúirt Shane Horgan gur thug na Laighnigh an-taispeántas rugbaí uathu in aghaidh Clermont in Stade Marcel Michelin Dé Domhnaigh seo caite. ‘Ach níor leor é,’ arsa Horgan.

Tuigtear dom go mbeidh tuairim is míle Clermontois i measc an tslua i Staid Aviva Dé Sathairn agus iad uile ag súil go mbeidh siad in ann an lámh uachtair a fháil ar fhir Laighean arís. ‘Ní haon éacht é má bhuaigh muid ar Chúige Laighean agus buntáiste an bhaile againn Dé Domhnaigh seo caite,’ a dúirt Morgan Parra, leathchúlaí clibirte ASM Clermont.

Is nós le fir Clermont a gcuid cluichí baile a bhuachan. Níor buadh orthu in Stade Marcel Michelin le breis agus trí bliana anuas, is é sin aon chluiche is leathchéad. Ach éacht a bheadh ann, áfach, dá mbuafadís, ar Laighin i mBaile Átha Cliath. Nó tubaiste más Laighneach thú!

 

 

 

 

Zebre v Ulaidh

Mí na Samhna in Éirinn agus an Nollaig i bhfoisceacht scread asail dúinn. Is cosúil go bhfuil na fuinneoga in Brown Thomas ar Shráid Grafton réitithe cheana don séasúr deireadh bliana. I mBaile Átha Cliath dom i dtús na seachtaine, nach bhfaca mé crann Nollag ollmhór á chur suas ar Shráid Thomáis! Ní fada mar sin go mbeidh na cantóirí carúl amuigh.

Ach má tá mí na Samhna ann in Éirinn, cuirtear fáilte roimh na foirne móra rugbaí ón Domhan Theas, an Nua-Shéalainn agus an Astráil, an Airgintín agus an Afraic Theas, agus iad ar a gcamchuairt san Eoraip faoi láthair. Go deimhin, bíonn trua éigin agam dóibh agus iad ag filleadh ar an drochaimsir agus ar laethanta gearra an gheimhridh sa Domhan Thuaidh.

Is dócha nach mbíonn i gceist ach ceithre seachtaine. Agus i bhfianaise a bhfaca muid ar pháirc na himeartha Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh seo caite, ní léir go gcuireann an drochaimsir isteach orthu mórán. An Astráil an t-aon fhoireann as na ceithre cinn thuasluaite nár bhuaigh a gcéad chluiche camchuairte.

Ní bheidh mé i bPáirc Thuamhan tráthnóna amárach chun an cluiche Éire XV v Fidsí a fheiceáil. Gnó eile a chuireann iallach orm fanacht anseo san ardchathair faraor ach tá súil agam a bheith i Staid Aviva don chluiche Éire v an Airgintín ar 24 Samhain. Cén seans atá ann go bhfeicfear Contepomi in aghaidh O’Gara uair amháin eile!

Má luaim Páirc Thuamhan agus foirne ón Domhan Theas ar camchuairt, cuimhním láithreach ar an mbua éachtach a bhí ag Mumhain ar an Nua-Shéalainn ar 31 Deireadh Fómhair 1978. Agus mura raibh raibh mé i Luimneach an lá sin ach oiread, nár scríobhadh leabhar agus ceoldráma faoin gcluiche ina ndéantar gaiscí an lae úd a cheiliúradh.

Ní fheadar ar scríobhadh leabhar nó ceoldráma faoin lá a bhuaigh Ulaidh, más ar éigean é, ar fhoireann chaithréimeach na hAstráile, foireann a rug an bua léi ar Shasana (3-19), ar Éirinn (9-16), ar an mBreatain Bheag (9-28) agus ar Albain (12-37) agus í ar camchuairt ar na hoileáin seo i mí na Samhna agus mí na Nollag 1984.

Is liosta le háireamh iad na himreoirí a bhí ar fhoireann Uladh an tráthnóna sin, leithéidí David Irwin agus Nigel Carr, Trevor Ringland agus Keith Crossan, Philip Matthews agus Willie Anderson. Imreoirí iad a chaith geansaí glas na hÉireann ina dhiaidh sin agus a thuill clú agus cáil dóibh fein agus dá gcúige dá bharr.

Cúis aiféala dom,’ a dúirt Irwin, captaen Uladh an tráth sin, ‘nár fhéad mé rugbaí a imirt ar bhonn gairmiúil.’ eile a bhí ann áfach, ré an amaitéarachais. Cúiteamh éigin é, is dócha, gurb é Irwin an dochtúir atá ag Rugbaí Uladh faoi láthair agus é sáite go fóill i gcomhthéacs rugbaí ó cheann ceann na seachtaine.

Agus i ndiaidh gur fógraíodh go mbeidh seisear Ultach ar an bhfoireann a ghabhfaidh chun páirce i gcoinne Fhidsí Dé Sathairn, ar imreoirí óga iad uile, níl aon amhras ann ach go bhfuil rath agus bláth ar chúrsaí rugbaí in Ravenhill faoi láthair.

Agus na himreoirí sin in easnamh ar Ulaidh, mar aon leis na himreoirí sinsearacha atá gortaithe (Rory Best agus Stephen Ferris) nó ar dualgas leis an bhfoireann idirnáisiúnta (Tommy Bowe, Andrew Trimble agus Chris Henry), is cinnte nach mbeidh an cluiche sraithe Dé Domhnaigh in aghaidh Zebre éasca.

Ceann de na lochtanna a fuarthas ar na hUltaigh an séasúr seo caite nach raibh go leor imreoirí ardchaighdeáin acu. Feicfear tráthnóna Dé Domhnaigh in Parma cén dul chun cinn atá déanta acu ó shin.

Naoimh Northampton v Ulaidh

Le linn Chraobh na Sé Náisiún níos túisce i mbliana, tharla go raibh mé féin agus tuairisceoir rugbaí ó cheann de na nuachtáin ó thuaidh ag ól cupán tae le chéile sa Staid Aviva ar Bhóthar Lansdún. An cluiche Éire in aghaidh na hIodáile a bhí ann. ‘An bhfuil cinneadh ar bith déanta fós,’ arsa mise leis, ‘faoi chóitseálaí nua in Ulaidh?’ Ábhar conspóideach a bhí ann agus go leor daoine den tuairim nár chaith na húdaráis rugbaí in Ravenhill i gceart le Brian McLaughlin.

‘Tá fear acu,’ a deir mo dhuine liom. ‘Mark Anscombe ón Nua-Shéalainn.’ Rinneamar tamall comhrá faoin duine nua, cérbh é féin agus cén taithí a bhí aige, ach ba bheag eolas a bhí againn air. Pé scéal é, bhí an réiteoir i ndiaidh tús a chur leis an gcluiche agus deifir orainn araon ar ais go dtí ár suíocháin. Bhí obair le déanamh againn beirt.

Agus fiú má theip ar Ulaidh i gcluiche ceannais an Chorn Heineken ag deireadh an tséasúir seo caite, bhí go leor daoine den tuairim gur botún a bhí ann fáil réidh le McLaughlin. Ach sheas Shane Logan, príomhfheidhmeannach Rugbaí Uladh, an fód go diongbháilte. ‘Ní raibh sé i gceist riamh,’ a dúirt Logan agus é faoi agallamh ar BBC, ‘go bhfágfaí McLaughlin mar chóitseálaí ar Ulaidh i ndiaidh mhí an Mheithimh 2012.’

Má leag McLaughlin síos an dúshraith, is é Anscombe an duine atá roghnaithe ag David Humphreys agus ag Shane Logan foireann rugbaí Uladh a thabhairt chuig an Tír Tairgnire. Agus tá go leor fianaise ann sa chúige go bhfuil cúrsaí ag dul sa treo ceart.

Ar na cluichí ar fad a d’imir na hUltaigh ó cuireadh tús leis an séasúr nua, níl oiread is ceann amháin díobh caillte acu bíodh sé sa tsraith nó sa chomórtas coirn. I Sraith RaboDirect, tá Ulaidh naoi bpointe chun tosaigh ar Llanelli Scarlets atá sa dara háit. Maidir le Corn Heineken, is iad fir Anscombe atá ar bharr Ghrúpa 4.

Ag caint dó ar RTÉ Dé Domhnaigh seo caite agus é i mbun anailíse ar an gcluiche sraithe Llanelli Scarlets v Ulaidh, dúirt Shane Horgan gur éacht é gur bhuaigh na hUltaigh ar Scarlets, ar na Dragúin, ar Cardiff agus ar Ospreys ar fad as baile. ‘Is iomaí uair a chuireamar romhainn an gaisce céanna a dhéanamh agus mé ag imirt le Cúige Laighean,’ a dúirt an t-iarchliathánaí, ‘ach níor éirigh linn riamh.’

Go deimhin, tá an ceart ag Horgan. Ach gaisce a bhí ann freisin go raibh an lámh uachtair ag Ulaidh ar Treviso agus ar Zebre as baile ag deireadh na míosa seo caite. Ní raibh fáil ag Mark Anscombe ar go leor dá chuid imreoirí céadrogha de bharr gortaithe nó toisc go raibh roinnt mhaith acu ar dualgas leis an bhfoireann idirnáisiúnta ach is ag Ulaidh a bhí an bua mar sin féin.

Ní hamháin go bhfuil Ulaidh ag buachan cluichí ach murab ionann is an séasúr seo caite tá neart imreoirí ardchaighdeáin sa scuad, idir imreoirí ó thíortha i bhfad i gcéin agus imreoirí dúchais, agus iomaíocht ghéar eatarthu le háit a fháil ar an gcéad chúigear déag.

Ina theannta sin, is léir go bhfuil fís ag na daoine atá i gceannas ar Rugbaí Uladh agus ní ar an bpáirc imeartha amháin. Tá pleananna ann chun athchóiriú a dhéanamh ar Staid Ravenhill agus infheistíocht déanta in acadamh rugbaí an chúige le cinntiú go mbeidh soláthar maith imreoirí óga, daoine ar nós Craig Gilroy agus Paddy Jackson, ag teacht tríd.

Agus tá pobal dílis rugbaí i mBéal Feirste agus sa cheantar máguaird. Is iondúil go mbíonn ocht míle duine nó níos mó i láthair ag cluichí baile Uladh.

Mí chinniúnach atá roimh na hUltaigh. Imreoidh siad dhá chluiche as a chéile i gcoinne Northampton i gCorn Heineken, an chéad cheann díobh anocht in Franklin’s Gardens. Agus sa tSraith RaboDirect, tabharfaidh siad aghaidh ar Chúige Laighean i Staid Ravenhill agus ar Chúige Mumhan i bPáirc Thuamhan le linn laethanta saoire na Nollag.

Amhail Tomás an Amhrais nár chreid go dtí go bhfaca sé an cruthúnas lena dhá shúil féin, táid ann a bhfuil tuilleadh fianaise uathu sula n-áireofar Ulaidh i measc mhórchlubanna rugbaí na hEorpa arís. Neosfaidh an aimsir, go háirithe na ceithre seachtaine atá amach romhainn, cé chomh maith is atá foireann rugbaí Uladh!

An Vendée Globe

Samhlaím agus mé ar tí titim i mo chodladh go mbíonn an teach ar a dhícheall labhairt liom. Na fuaimeanna uile a chloistear ann an tráth sin den oíche atá i gceist agam - dordán an chuisneora sa chistin, an t-uisce ag rith sna píobáin san áiléar, díoscán ó chéim staighre amhail is go raibh duine ar a bhealach aníos chuig an leaba.

Cloistear leis, anois agus mí na Samhna buailte linn, an ghaoth ag osnaíl ar leic na fuinneoige nó an bhaisteach ag clagarnach ar an díon. Nach deas a bheith go teolaí istigh faoin duivé, go háirithe agus an geimhreadh ag fáisceadh isteach orainn, agus éisteacht leis an teach á shocrú féin don oíche.

D’fhanadh Ellen MacArthur ina dúiseacht scaití ag éisteacht lena bád Kingfisher agus í ag taisteal farraigí an domhain le linn Rás an Vendée Globe i 2000/2001 le déanamh cinnte go raibh cúrsaí i gceart. Thuig sí gach a ndúirt an bád léi, an ghaoth sna seolta nó suaitheadh na farraige in aghaidh na cíle.

Is cinnte go raibh deis ag MacArthur aithne mhaith a chur ar Kingfisher i ndiaidh gur chaith siad ceithre lá dhéag agus ceithre scór in éineacht amuigh ar an doimhneacht. Chríochnaíodar sa dara háit sa Vendée Globe i 2001 agus gan ach ceithre huaire fichead idir í féin agus buaiteoir an rása, Michel Desjoyeaux.

Briotánach as Concarneau é Desjoyeaux agus má bhuaigh sé an Vendée Globe i 2000/2001, rug sé an bua leis athuair an uair dheireanach a ritheadh an rás i 2008/2009. Go deimhin, is é Desjoyeaux an t-aon duine ar éirigh leis an rás a bhuachan faoi dhó.

Rás timpeall an domhain don mhairnéalach aonair é an Véndée Globe, gan cead ag na báid stopadh in aon chalafort nó cabhair a lorg le linn an turais. Cuireadh an rás ar siúl den chéad uair i 1989/90 agus arís i 1992/93. Is ina dhiaidh sin a socraíodh go rithfí an Vendée Globe uair in aghaidh gach ceithre bliana.

Fiche bád a bheidh in iomaíocht in eagrán na bliana 2012/2013 agus cuirfear tús leis an rás amárach (10 Samhain) in Les Sables d’Olonne ar chósta thiar na Fraince. Seo an tríú huair do Alex Thomson dul sa seans in ainneoin nár éirigh leis an dá rás roimhe seo, i 2004/2005 agus i 2008/2009, a chríochnú de bharr damáiste a rinneadh dá bhád.

‘Rás an-simplí atá ann,’ a dúirt Thomson go leathmhagúil agus é faoi agallamh ar BBC Sport inné. ‘I ndiaidh Les Sables d’Olonne a fhágáil, castar ar clé; ag Rinn an Dóchais ag bun na hAfraice, castar ar clé arís; ag an bpointe sin, coinnítear an tAntartach i gcónaí ar thaobh na láimhe deise go dtí go dtagtar chuig Rinn an Choirn ag bun Mheiriceá Theas; anseo is gá casadh ar clé uair amháin eile; agus é sin déanta, ar ais go dtí an Fhrainc.’

Naoi bhfear déag agus bean amháin a chrochfaidh seolta sa Vendée Globe amárach agus táthar ag súil leo arís in Les Sables d’Olonne i mí Feabhra. Seans láidir nach n-éireoidh ach le leath acu an rás a chríochnú. Coinneofar súil orthu sa bhlag seo sna míonna romhainn.

Tógann mionchlocha caisleáin

Ba dheas a bheith i Staid Aviva Dé Sathairn seo caite. Seacht n-úd a scóráil fir Declan Kidney sa bhua i gcoinne na hAirgintíne agus tá a stádas i measc na n-ocht bhfoireann rugbaí is airde san ord fiúntais domhanda cinntithe acu dá bharr. ‘Seo an uair dheireanach a chaithfimid geansaí na hÉireann i 2012,’ arsa Jamie Heaslip ag caint dó díreach tar éis an chluiche, ‘nach iontach an dóigh é le clabhsúr a chur ar an mbliain!’

Ábhar spéise anois é feiceáil cé hiad na foirne eile a bheidh in aon ghrúpa le foireann na hÉireann nuair a dhéanfar an tarraingt i Londain Dé Luain do Chorn Domhanda Rugbaí 2015. Is é nádúr Kidney, ar ndóigh, labhairt go stuama ag ócáidí mar seo. ‘Ní raibh ró-lagmhisneach orainn i ndiaidh gur chaill muid in aghaidh na hAfraice Theas coicís ó shin,’ a dúirt sé, ‘ná bímis ag ceapadh inniu nach bhfuil ár sárú le fáil.’

Ach má cheap Kidney gur chuir na himreoirí óga, leithéidí Craig Gilroy agus Simon Zebo go háirithe, go mór leis an imirt, bhí an cheist ar bharr mo ghoib agam céard is fiú beirt imreoirí den ghlúin órga, Ronan O’Gara agus Donncha O’Callaghan, a chur chun páirce agus deich nóiméad fós fanta ar an gclog. Tá an tuairim ag go leor gur leasc le Kidney fáil réidh leo go fóill agus gan ach ocht seachtaine idir seo agus tús Chraobh na Sé Náisiún.

Bhí deis agam féin Dé Sathairn tamall beag comhrá a dhéanamh le Peter O’Mahony, an cúltosaí cliatháin ar fhoireann na hÉireann i gcoinne na hAirgintíne. In ainneoin gur cluichí baile iad an dá chluiche in aghaidh Shasana agus na Fraince i gCraobh na Sé Náisiún i 2013, d’fhiafraigh mé de an aiféiseach an smaoineamh é dá n-áireofaí Éire mar rogha mhór na coitiantachta leis an gcomórtas a bhuachan den chéad uair ó bhí 2009 ann?

‘Creidim go bhfuilimid maith go leor,’ arsa O’Mahony liom go dúthrachtach. ‘Agus má chruthaigh na himreoirí nua thar cionn inniu, cuimhnigh nach fada go mbeidh fir eile ag filleadh ar an bhfoireann tar éis dóibh a bheith gortaithe.’ Is cosúil go mbeidh fáil arís ag Kidney i mí Feabhra ar imreoirí ar nós Rory Best agus Stephen Ferris mar aon le Paul O’Connell agus Rob Kearney. Ach an roghnófar iad ar an gcéad chúigear déag?

Agus ag breathnú siar ar na cluichí uile idirnaisiúnta a imríodh le linn mhí na Samhna, is í an Fhrainc an t-aon fhoireann ón Domhan Thuaidh ar éirigh léi trí bhua a fháil ar a gcéilí comhraic ón Domhan Theas, is iad sin an Astráil, an Airgintín agus Samó. Cuma ar an scéal go bhfuil foireann rugbaí na Fraince á tabhairt chun foirfeachta ag Philippe Saint-André. Ní mór do Declan Kidney et al a bheith san airdeall orthu ar 9 Márta 2013!

Ar tí dom an staid a fhágáil chun mo bhealach abhaile a dhéanamh, bhuail mé le Richardt Strauss. Is é Strauss a bheidh in iomaíocht le Rory Best d’áit an húcálaí ar fhoireann Kidney san athbhliain. Thréaslaigh mé dó as focail uile Amhrán na bhFiann a chur de ghlanmheabhair agus as é a chanadh. Ba mhór le pobal na Gaeilge, arsa mé leis, gur chuir sé an dua air féin é sin a dhéanamh.

Cé a chabhraigh leis na focail a fhoghlaim? ‘Duine ar bith,’ arsa Strauss liom, ‘ach YouTube!’

Na Capaill, Paddy Power agus Cúrsaí Cearrbhachais

Ar goracing.ie, tá sraith físeán - ocht gcinn ar fad - ina gcuirtear i láthair an rásaíocht chapall in Éirinn. Is é atá ann go bunúsach ná dianchúrsa do dhaoine ar spéis leo freastal ar rás-chruinniú, bíodh sé i dTigh na Síóg, i bPáirc an Ghabhráin nó i mBaile na Lobhar, ach atá ar bheagán eolais faoin rásaíocht féin.

Sna físeáin, tugtar dúinn spléachadh ar stair na rásaíochta. Mínítear dúinn na cineálacha difriúla rásaíochta atá ann, idir rásaíocht seilge náisiúnta a bhíonn ar siúl go príomha i gcaitheamh an gheimhridh agus rásaíocht ar an réidh ar caitheamh aimsire samhraidh é. Agus déantar (iarracht) an córas ciseanna sa rásaíocht chapall a shoiléiriú.

Saghas leitmotiv atá ann ach deirtear linn arís agus arís eile: an rásaíocht chapall - is cuid dár ndúchas é. Ella McSweeney, craoltóir de chuid RTÉ a bhain clú amach di féin ar chláir theilifíse ar nós Ear to the Ground, a chuireann na físeáin i láthair. Ceann acu ná ‘Conas Buaiteoir a Roghnú’. ‘Muise,’ a deir Ella, ‘dá mbeadh bealach ann le buaiteoir a roghnú…’.

Agus an ceart aici, ar ndóigh. Is fusa i bhfad gramadach na Gaeilge a thuiscint, fiú má tá dhá chaighdeán ann, ná buaiteoir i rás capall a roghnú! Má chuirtear san áireamh fad an ráschúrsa, an meachán is gá don chapall a iompar, an cineál talaimh atá ann, an traenálaí agus/nó an marcach agus cúinsí eile nach iad, feictear nach éasca é mar scéal.

Ach tá clú amuigh ar na hÉireannaigh go dtuigimid céard is capall maith ann. Bíodh sin mar atá ach tuigtear gur fiú breis agus billiún euro an rásaíocht chapall don gheilleagar in Éirinn agus go meallann an tionscal os cionn ochtó míle turasóir chuig an tír gach bliain. I gContae Chill Dara amháin, meastar go bhfuil tuairim is trí mhíle duine ag obair sa tionscal.

Agus is liosta le háireamh iad cuid de na capaill rása is mó cáil ar capaill Éireannacha iad: Arkle, mar shampla, a rugadh ar Ballymacoll Stud i nDún Búinne i gContae na Mí agus a bhuaigh seacht rás is fiche (as cúig cinn is tríocha) sna seascaidí, ina measc an Cheltenham Gold Cup faoi thrí i 1964, 1965 agus arís i 1966.

Nó Dawn Run, capall eile as Éirinn, a bhain clú amach di féin ar ráschúrsaí i Sasana agus sa Fhrainc sna hochtóidí. Nuair a maraíodh í i dtimpiste ar ráschúrsa Auteuil i bPáras i 1986, tuairiscíodh a bás ar chéadleathanach an Irish Times. Agus ní miste capaill ar nós Denman, Beef or Salmon nó Brave Inca, ar capaill iad a raibh cion faoi leith ag muintir na hÉireann orthu de bharr a gcuid éachtaí agus iad ag rásaíocht, a lua anseo freisin.

Nach aisteach é mar sin nach raibh mé riamh ag na rásaí! Fiú más cuid de mo dhúchas é, dá ndéarfaí liom go raibh orm an tráthnóna a chaitheamh i mBaile Phúinse nó ar ráschúrsa ar bith, bheadh níos mó ná drogall orm. Ar chúis amháin is dócha: ní maith liom an ceangal dosheachanta atá idir an rásaíocht chapall agus an cearrbhachas.

Dá bhrí sin, nuair a fógraíodh le deireanas go raibh Paddy Power ag oscailt oifigí nua i gCluain Sceach i mBaile Átha Cliath agus go gcuirfí fostaíocht ar fáil do bhreis agus sé chéad duine de réir mar a thiocfadh fás ar ghnó an chearrbhachais ar líne, níor gheal sé mo chroí.

Mar a dúirt Kim Bielenberg in alt a foilsíodh san Irish Independent i lár na míosa seo caite, is beag seans go mbeifear in ann súil a choimeád ar chliaint an gheallghlacadóra náisúnta agus deis acu anois an pá seachtaine a imirt ach cnaipe a bhrú ar iPhone.

An é an cearrbhachas atá sa dúchas ionainn seachas na capaill?

 

 

 

 

 

 

Spreagadh intinne (agus coirp!)

Bhí mé i láthair ag caint a thug Liam Sheedy in DCU i dtús mhí na Samhna. Bheadh aithne ag daoine ar Sheedy toisc gurbh é a bhí i gceannas ar fhoireann iomána Thiobraid Árann tráth ar bhuaigh siad Corn Mhic Cárthaigh sa bhliain 2010.

Agus in ainneoin nach cóitseálaí idirchontae a thuilleadh é, feictear agus cloistear é go tráthrialta ar RTÉ agus é i mbun anailíse ar chluichí craoibhe iomána i gcaitheamh an tsamhraidh. Is ar cuireadh ag Cumann Iománaíochta DCU a tháinig sé chuig an ollscoil.

Seans maith nárbh iad na hiománaithe ab fearr sa chontae a bhí agam ar an bpainéal an bhliain úd,’ a dúirt Sheedy agus é ag caint ar 2010, ‘ach ba é an dream ba dhíograisí iad ó thaobh traenála.’ Tabharfaidh an talann cuid den bhóthar muid, dar leis, ach mura ndéantar an obair chrua, ar éigean go mbainfear ceann scríbe amach.

‘Más imreoirí nó traenálaithe muid,’ a dúirt Sheedy, ‘is gá dúinn caighdeán a leagan síos don fhoireann ag tús an tséasúir agus cloí leis.’ Freastal poncúil agus rialta ar na seisiúin traenála, cuir i gcás, agus féinsmacht ar pháirc na himeartha.

Tá Sheedy den tuairim go gcuirtear an iomarca béime ar ghnóthachtáil agus nach é clár na scór ag deireadh cluiche an tslat tomhais is ceart a úsáid chun foireann a mheas. Billy Walsh, an cóitseálaí náisiúnta dornálaíochta, a dúirt leis uair gur chuma faoin toradh. ‘Is tábhachtaí an taispeántas ná aon cheo eile,’ arsa Walsh.

Ba cheart neamhaird a dhéanamh den scór, dar le Sheedy. Ní hiad na cúilíní ná na cúil is ceart a chomhaireamh ach cur i bhfeidhm na mbunscileanna, an bhlocáil agus an húcáil más í an iománaíocht atá i gceist. Agus mar thraenálaí, is ceart i gcónaí an bhéim chéanna a leagan ar na gnéithe sin den chluiche is a leagtar ar na scóir.

Labhair Sheedy ar an scuad. ‘Mura bhfuil daoine in iomaíocht lena chéile chun áit a bhaint amach ar an gcéad chúigear déag, ní chuirfear an iarracht chéanna isteach sa traenáil. Tá ról lárnach ag na himreoirí ar fad, bíodh sé ar an bpáirc nó ar an taobhlíne.’

‘Is foireann iad,’ a deir Sheedy, ‘is cuma cén uimhir atá á caitheamh acu, agus jab le déanamh acu má iarrtar orthu é sin a dhéanamh.’ Bíonn na himreoirí i gcónaí i bhfoirm ciorcail aige agus é ag caint leo le taispeáint go bhfuil siad uile ar comhchéim.

Agus an chaint féin críochnaithe, cuireadh ceist air: ‘Céard is ceart a dhéanamh leis an imreoir maith nach dtagann ag traenáil?’ Beag rogha eile atá ag an scuad ach é a fhágáil i leataobh, an tuairim a bhí ag Sheedy, fiú mura ar leas na foirne é sa ghearrthéarma.

Ach bhí Sheedy chomh géar céanna ar na traenálaithe. ‘Céad seasca a hocht uair an chloig atá i ngach seachtain,’ a dúirt sé. ‘Iarrtar ar na himreoirí tuairim is fiche uair an chloig a chur i leataobh in aghaidh na seachtaine, idir thraenáil agus imirt.’

‘Más traenálaí tú, bí dáiríre faoin traenáil. Is gá duit a bheith i láthair roimh theacht isteach na n-imreoirí. Bíodh an áit leagtha amach i gceart do na druileanna agus ar oile. Bí cinnte go bhfuil uisce te ann don chith ag an deireadh. Bí i gcónaí dearfach.’

‘Mol an t-imreoir go poiblí ach ceartaigh go príobháideach é. Bí ar fáil. Bíodh plean agat. Mínigh dóibh cad iad na spriocanna atá agat. Ach cuimhnígí,’ arsa Liam Sheedy linn mar fhocal scoir, ‘gur caitheamh aimsire é seo agus ba cheart an bhéim a leagan ar phléisiúr.’

Lón machnaimh cinnte!

Oidhreacht Armstrong

Bhailigh breis agus ceithre mhíle duine isteach in Palais des Congrès i bPáras Dé Céadaoin seo caite tráth ar fógraíodh Tour de France 2013. Is in 1903 a cuireadh an Tour ar bun i dtosach báire ach de bharr nár ritheadh an rás agus na Cogaí Domhanda ar siúl, seo an céadú heagrán den rás rothaíochta is clúití ar domhan.

Den chéad uair le deich mbliana anuas, is ar bhóithre na Fraince amháin a rithfear an rás an bhliain seo chugainn. Cuirfear tús leis an Tour in Porto-Vecchio sa Chorsaic ar 29 Meitheamh. Trí lá a chaithfidh an peloton ar an oileán. Déanfar an Alpe d’Huez, ceann de na hardsléibhte sa Fhrainc is mó dúshlán ó thaobh na rothaíochta de, a dhreapadh faoi dhó.

Agus i ndiaidh trí seachtaine agus 3,360 ciliméadar sa diallait, cuirfidh na rothaithe críoch le Tour 2013 ar na Champs Elysées - la plus belle avenue du monde - sa chlapsholas lár samhraidh. Ó nár dheas smaoineamh air agus muid dár réiteach féin d’anró an gheimhridh.

‘Is é an dópáil an namhaid,’ a mhaígh Christian Prudhomme, stiúrthóir an Tour de France, ag labhairt dó ag an lainseáil. Dhá lá roimhe sin, cuireadh ar neamhní na seacht mbua a bhí ag Lance Armstrong sa Tour de France idir 1999/2005. ‘Níor cheart an rothaíocht a dhamnú (de bharr cúrsaí dópála),’ arsa Prudhomme, ‘ná an Tour de France ach go háirithe.’

Ní fheadar an fíor nach bhfuil a leithéid ann agus drochphoiblíocht ach seans go raibh timeáil lucht eagrúcháin an Tour ábhairín as alt. Fiú má bhí leithéidí Bradley Wiggins, Cadel Evans, Andy Schleck agus Alberto Contador i láthair ag an searmanas in Palais des Congrès Dé Céadaoin, Armstrong a bhí i mbéal gach duine, é ar nós thaibhse Banquo ag an bhféasta!

‘Is láidre an Tour ná an dópáil,’ a dúirt Prudhomme leo siúd a bhí sásta éisteacht leis. Beidh le feiceáil is dócha. Ach in ainneoin go bhfuil fianaise míle leathanach ann i dtuarascáil USADA go raibh Armstrong agus go leor rothaithe eile ardchaighdeáin á ndópáil féin, is léir go bhfuil amhras go fóill ar roinnt daoine.

Eddy ‘le cannibale’ Merckx, cuir i gcás. Bhuaigh Merckx an Tour cúig huaire idir 1969/74. Thug sé le fios gur chuir eachtra Armstrong díomá air. Ba mhó fós an t-olc a bhí air, áfach, de bharr gurb iad na rothaithe a bhí ar aon fhoireann leis (US Postal), leithéidí Floyd Landis, Tyler Hamilton agus George Hincapie, a sceith ar Armstrong sa chéad áit.

Agus éist lena ndúirt Alberto Contador, buaiteoir an Tour de France sna blianta 2007 agus 2009, agus é ag caint leis na meáin Dé Céadaoin seo caite: Is é Lance Armstrong an duine a spreag ionam an spéis atá agam sa rothaíocht… Ar éigean go bhfuil an ghéarleanúint atá á déanamh air tuillte aige.

Bhí cónaí orm sa Fhrainc ar feadh cúig bliana agus Armstrong i mbarr a réime. Chonaic mé an dua agus an cruatan is gá do na rothaithe a fhulaingt agus iad ar an Tour, lá i ndiaidh lae, bíodh siad i gceantair ardsléibhe i mbrothall an tsamhraidh nó ar bhóithre míntíre faoi dhíle bháistí. Go deimhin, ba é sin cuid den tarraingt, iad a fheiceáil tugtha traochta ag deireadh lae, 180km déanta acu agus fios maith acu go raibh sé le déanamh arís an lá arna mhárach.

An é go raibh mé comhpháirteach ar bhealach éigin sa dópáil? Mé féin agus na milliúin duine eile, ar na bóithre nó os comhair an scáileáin teilifíse? Mé féin agus lucht eagrúcháin an Tour? Mé féin agus na stáisiúin teilifíse? 3,360 ciliméadar a dhéanamh ar rothar taobh istigh de thrí seachtaine, bhí tuairim mhaith agam nach gnáthdhuine a dhéanfadh a leithéid.

An é go bhfuil a rás rite ag an Tour?

 

Foinse Iallach ar Healy Camchuairt na Leon a fhágáil mar gheall ar ghortú - http://is.gd/100HLU - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
11:09AM Jun 07
Foinse Fiosrúchán ar bun maidir leis an tine ar thraen ó Bhéal Feirste go B - http://is.gd/xp7Iep - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
10:45AM Jun 07
Foinse Ceathrar fós faoi choimeád maidir le dúnmharú fir i nGaillimh - http://is.gd/RnjMG3 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:30AM Jun 07
Foinse Pianbhreith le gearradh ar iarshagart as dhá chúis de mhí-úsáid ghn - http://is.gd/GG4KIs - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:15AM Jun 07
Foinse An Stát chun achomharc a dhéanamh maidir le rialú a thug an Ard-Chúi - http://is.gd/6uUlU6 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
02:46PM Jun 06