RSS

TÁ TÚ ANSEO Spórt

An dearcadh agus an paisean ceart ag imreoirí na nDéise

Nach iontach agus nach aisteach iad cúrsaí Chumann Lúthchleas Gael. B’shin an méid a bhí le rá ag bainisteoir Phort Láirge, Davy Fitzgerald, díreach i ndiaidh an chluiche ceathrú ceannais Dé Domhnaigh. Bhí réamhullmhúchán uafásach ag na Déisigh, iad buailte go dona ag Tiobraid Árann i gcluiche ceannais na Mumhan.

Bíonn sé crua ar imreoirí teacht slán as sin, leis an bpaisean agus an spiorad fós ann don gcéad lá eile. Ach seo dream imreoirí a fuair bualadh dona ó Chill Chainnigh sa chluiche ceannais i Mí Mheán Fómhair 2008. Bhí sé beagnach dodhéanta taispeántas Phort Láirge a mhíniú, ach ar a laghad thuig an saol is a mháthair go raibh draíocht ag baint leis na Cait ar an lá sin.

D’fhéadfá an argóint a dhéanamh nach bhfuil siad feicthe chomh láidir sin againn ó shin. Nuair a chuir Tiobraid Árann seacht gcúl idir iad féin agus Port Láirge i mbliana bhí dhá rogha ag Davy agus a chuid imreoirí. Is iad sin dul abhaile agus ligean don fhulaingt iad a chrá, nó glacadh leis go raibh lá uafásach acu agus tréaniarracht a dhéanamh rudaí a chur ina gceart don chéad lá eile. Bhí sé soiléir gur ghlac siad leis an dara rogha.

Tarlaíonn an oiread in imeacht coicíse. Tóg na hagallaimh a tugadh do thuairisceoirí an Sunday Game mar shampla. Ghabh laoch Phort Láirge, John Mullane, leithscéal le muintir an chontae as an taispeántas a chuir sé féin agus a chomrádaithe ar fáil dá lucht leanúna thíos i gCorcaigh do chluiche ceannais na Mumhan. Ar an Domhnach seo caite, ní raibh abairt iomlán amach as béal bhainisteoir na Gaillimhe, John McIntyre, sular dhein sé an rud ceannann céanna.

Ní fheadar cad a tharla don nGaillimh. Níl cluiche leathcheannais shroichte acu le sé bliana anuas anois. Níl bua ar Phort Láirge aimsithe acu riamh. Ach ag an am céanna, tá Port Omna agus Baile Átha Cliath i gcónaí ag barr an ranga i gcraobh na gclubanna.

Tá sé soiléir, ón mbealach a d’úsáid Port Láirge an dá sheachtain roimh an gcluiche, go bhfuil an intinn cheart acu, go bhfuil siad láidir go leor le déileáil leis an mbrú, is cuma más thuas nó thíos atá siad. Agus tá sé soiléir anois, gurb i sin an fhadhb is mó atá ag an nGaillimh. Níl aon neart intinne acu. Sea, bhí dhá chluiche cáilithe iontacha curtha ar leataobh acu, ach níor thomhais siad an bhagairt a bheadh i bPort Láirge.

Dúirt mé cúpla mí ó shin sa cholún seo, go mbeadh ar John McIntyre meon an chomhoibrithe a mhúscailt ina chuid imreoirí, rud a dhein sé i ndiaidh na cailliúna i gcoinne Bhaile Átha Cliath. Anois, áfach, tá tasc eile ann dó, nó don chéad bhainisteoir eile. Ní mór neart intinne aibí a spreagadh sna Gaillmhigh chomh maith.

Deich mbliana de bhabhtaí cáilithe atá an-drámata go fóill

Tá na babhtaí cáilithe ar an bhfód anois le deich mbliana anuas, agus cé go mbíonn cluichí agus torthaí drámata againn gach bliain, seasfaidh 25 Meitheamh 2011 amach sna tuairiscí stairiúla.

Idir an pheil agus an iomáint, bhí deich gcinn de chluichí Dé Sathairn seo caite, agus an scoth de rogha.
Mí Mheán Fómhair seo caite, d’imir an Dún i gCluiche Ceannais na Craoibhe, ach ceithre lá ó shin, ba bheag nár tháinig deireadh lena bhfeachtas i mbliana.


Ní hamháin sin, ach ba iad imreoirí cróga an Chláir a bhain geit astu. Sa nóiméad deireanach bhailigh Conor Laverty, fear a chlúdaigh gach troigh den pháirc ón líne lántosaigh, liathróid a bhí ar tí críochnú sa líon don Chlár. Scaoileadh an Dún amach as Páirc Cusack le pointe amháin sa bhreis.
Siar i 1977, bhuaigh Londain cluiche craoibhe i gcoinne pheileadóirí Liatroma. Idir sin agus Dé Sathairn seo caite, ní raibh aon chluiche eile buaite acu sa chomórtas céanna. Ansin, thaistil Co. Fhear Manach go Ruislip, iad ag iarraidh droch-chailliúint i gcoinne Dhoire a chur taobh thiar díobh.


Ach ní raibh aon fhreagra acu ar fhéidearthachtaí Londan, a bhí níos láidre ón tús. Bhí 6 phointe idir an dá thaobh ag an bhfeadóg dheiridh, agus mháirseáil Londain ar aghaidh i dtreo an dara babhta den chéad uair riamh.
Dúirt bainisteoir Chill Mhantáin Mick O’Dwyer go n-éireodh sé as dá gcaillfeadh Cill Mhantáin ag an deireadh seachtaine. Thug siad aghaidh ar Shligeach, agus ba i dtreo na bhfear ón iarthar a bhí na geallghlacadóirí claonta.

 D’aimsigh ionadaí Chill Mhantáin, Conor McGraynor cúl aonarach den scoth le hocht nóiméad fágtha, chun an cluiche a bhuachan.
Bhí toradh fíorchonspóideach againn an bhliain seo caite sa chluiche ceannais i gcúige Laighean.
Ní raibh aon locht ar imreoirí na Mí an lá céanna, ach b’fhéidir go raibh siad ag iarraidh a chruthú go raibh sé ar a gcumas cúil chruinne a aimsiú! Chuir siad cúig chúl sa líon, Mark Ward le 4-04 leis féin chun an cluiche is déanaí i gcoinne Lú an bhuachan!

Nuair a cuireadh tús leis na babhtaí cáilithe in 2001, diúltaíodh dóibh i gceathrú áirithe. Ba é an argóint ina bhfabhar go dtabharfaidís níos mó deiseanna d’fhoirne áirithe peil a imirt i rith an tsamhraidh.
Anois, deich mbliana níos déanaí, tá príomhaidhm an chórais ag teacht chun solais. Ní hamháin go bhfuil feabhas tagtha ar na foirne a bhíodh níos laige, ach tá an lámh in uachtar á fáil acu anois ar an bhfreasúra. Má bhíonn an oiread céanna drámaíochta bainteach le babhta a dó i mbliana, is millte ag na babhtaí cáilithe a bheimid!

Lean Evanne ar Twitter @EvanneNic

Ná scrios na Jackeens go fóill ach tá go leor le feiceáil ó Chorcaigh

Tar éis na cailliúna milltí a chaith Cill Chainnigh anuas ar iománaithe Chorcaí, beidh muintir an chontae ag súil le taispeántas ollmhór ó na peileadóirí an deireadh seachtaine seo, agus bua cuimsitheach ar Bhaile Átha Cliath leis. Deir na geallghlacadóirí go dtiocfaidh fir Conor Counihan abhaile le coinne don chluiche ceannais, ach go dtí seo sa chraobh, ní dóigh liom go bhfuil cumas iomlán Chorcaí feicthe againn. Agus mura dtaispeánann siad an tsáracmhainn atá acu Dé Domhnaigh, leanfaidh siad Dónal Óg et al ar ais go dtí na clubanna. Bhí séasúr sásúil ag Ros Comáin i gcúige Chonnacht, ach tá siad beagáinín taobh thiar de na foirne móra go fóill. Mar sin féin, chuir siad dúshlán láidir os comhair Chorcaí coicís ó shin. Bhí na foirne cuíosach cothrom ar feadh 50 nóiméad, go dtí gur thosaigh na fir ón iarthar ag druidim siar. Le linn an 20 nóiméad deiridh áfach, chuir an dá thaobh an-chuid scór ar strae, agus dar liomsa, má thugann Corcaigh taispeántas mar sin dúinn an athuair, beidh siad ag fágáil slán leis an gcraobh don bhliain seo. I gcodarsnacht le scéal Chorcaí, tá Baile Átha Cliath ar an ionsaí anois sa chraobh. Tá feabhas tagtha orthu le gach cluiche, agus oireann an cúldoras dóibh i mbliana. Tá cruth Pat Gilroy ag teacht ar an ngrúpa peileadóirí seo go deas réidh, agus má leanann siad leo ag feabhsú píosa ar phíosa, beidh siad fós san iomaíocht sa seascadú nóiméad Dé Domhnaigh. Faoin am sin, d’fhéadfaidís deireadh a chur le Corcaigh. Trí bliana ó shin, bhíodh atmaisféar dochreidte i bPáirc Uí Chrócaigh nuair a bhíodh na Jackeens sa bhaile. Níl na sluaite sin feicthe againn go fóill i mbliana, ach tiocfaidh leigheas ar an scéal sin anois. Beidh atmaisféar leictreach sa cheanncheathrú Dé Domhnaigh, agus den chéad uair le fada an lá, ní dóigh liom go gcuirfidh sé seo as do Bhaile Átha Cliath. Cluichí móra i bPáirc an Chrócaigh i Mí Lúnasa a chuir as dóibh roimhe seo. Ciarraí in 2009, Tír Eoghain in 2008, Ciarraí arís in 2007, Maigh Eo in 2006 agus Tír Eoghain arís in 2005. An ghné is tábhachtaí de shéasúr Bhaile Átha Cliath go fóill ná gur éirigh leo Tír Eoghain a bhualadh, agus a bhualadh go hiomlán. Ní hamháin go raibh cúig phointe idir na foirne, ach bhí féinmhuinín le feiceáil sna himreoirí an lá céanna, go mór mór le 10 nóiméad fágtha. Ní raibh siad sioctha le heagla. Má thugann na Rebels taispeántas cosúil leis an gcluiche in aghaidh Ros Comáin an athuair, beidh siad ag fágáil slán leis an gcraobh don bhliain seo roimh fhir Mickey Harte a thuilleadh, agus is dul chun cinn luachmhar é sin agus iad ag dul in iomaíocht leis an bhfoireann is mó le rá atá fágtha sa chraobh anois. Má thiteann Baile Átha Cliath as a chéile, beidh sé fíordheacair orthu aon chiall a dhéanamh de an uair seo. Tá an móiminteam acu anois, tá dóthain cluichí buaite acu, tá féinmhuinín acu, agus tá imreoirí óga tapúla acu. Cluiche crua a bheidh ann, cogadh tnáite idir dhá chontae atá fíorbhródúil. Is iad Corcaigh atá ag na geallghlacadóirí — ach ná scrios Baile Átha Cliath go fóill. Braithfidh an toradh ar an tús a fhaigheann fir Gilroy, agus más tús dearfach a bheidh ann, gach seans go mbeidh siad ar an mbóthar go dtí an chéad teideal uile-Éireann ó 1995.

Cabhraíonn an Chraobh le foirne a gcumas a fheiceáil

Bhí iománaithe Phort Láirge sna ceannlínte spóirt maidin Dé Luain, théis an bhua dhrámata a bhí acu ar fhir chróga Luimnigh i Staid Semple ar an Domhnach.  Ní fheadar an bhfuil sé crua ar pheileadóirí na nDéise seasamh siar agus féachaint ar an rath thar cuimse a bhaineann fir an tsliotair amach bliain i ndiaidh bliana sa chraobhchomórtas.

Cinnte, i measc mhuintir Phort Láirge, níl an pheil ar chomhleibhéal leis an iomáint, ó thaobh tacaíochta nó ratha. Agus níos mó ná sin, níl an pheil i bPort Láirge ar chomhleibhéal leis an bpeil i bhformhór na gcontaetha eile sa tír! Ba é sin an fáth ar chuir rúnaí CLG Phort Láirge, Tim O’Keeffe, argóint ar son briseadh ón traidisiún os comhair an phobail an tseachtain seo caite.

Is éard a mhol sé, gur chóir dhá chomórtas a dhéanamh as líon na bhfoirne a imríonn peil i rith an tsamhraidh. Is é barúil O’Keeffe nach ndéanann sé aon chiall go bhfuil foirne peile ar nós Phort Láirge, ag dul in iomaíocht le foirne peile ar nós Chiarraí, bliain i ndiaidh bliana. Molann sé do Chumann Lúthchleas Gael comórtas eile a chur ar siúl dos na contaetha is laige i rith an tsamhraidh, rud atá ar bun san iománaíocht ar ndóigh.

Troideann 33 foireann ar son Chorn Mhic Uidhir gach bliain. Foireann as gach contae seachas Cill Chainnigh, chomh maith le Londain agus Nua-Eabhrac. I gcodarsnacht leis sin, níl sa rás do Chorn Mhic Cárthaigh ach 14 fhoireann. Anois ní aon ionadh gur tháinig an moladh seo ón deisceart, seachtain i ndiaidh an bhua (17 bpointe) a bhí ag curaidh uile-Éireann, Corcaigh, ar na Déisigh.

Dar liomsa áfach, is dearfach an rud é go mbíonn an deis ag leithéidí Phort Láirge iad féin a thomhas i gcoinne na bhfoirne is láidre.
An mbeadh Cill Mhantáin sa chomórtas tánaisteach? An mbeadh Aontroim ann? Nó Tiobraid Árann? Ní hionann craobhchomórtas peile agus craobhchomórtas iománaíochta. Sa pheil, tá sé ar chumas aon fhoireann toradh nach raibh súil leis a chlárú ar fhreasúra atá ceaptha a bheith níos fearr. Níl an chosúlacht chéanna ann san iomáint.

In 2009 mar shampla, bhain peileadóirí Aontroma geit as fir Thír Chonaill nuair a bhuadar cluiche craoibhe i gCúige Uladh.
Bliain níos luaithe, níor thug mórán daoine aon seans do pheileadóirí Chill Mhantáin nuair a thugadar aghaidh ar fhir Kieran McGeaney as Cill Dara i gcraobhchomórtas Laighean. Arís, is ag na híochtaráin a bhí an lá.

Tá fás as cuimse tagtha chomh maith ar chaighdeán na peile idirchontae i dTiobraid Árann faoi chúram John Evans. Agus ar ndóigh, bhain lucht leanúna Phort Láirge an-taitneamh as craobhchomórtas na Mumhan in 2007, nuair a bhuadar cluiche craoibhe den chéad uair i 19 mbliana.

Le linn John Kiely, bhuadar cluichí sraithe i gcoinne an Chabháin, Shligigh agus Loch Garman, chomh maith leis an mbua craoibhe sin i gcoinne an Chláir. Tuigim frustrachas an rúnaí i bPort Láirge, ach b’fhearr liom tuairim na n-imreoirí a chloisteáil. Ní aon saineolaí mé, ach is éard a thuigimse faoi chúrsaí spóirt, ná go mbíonn lúthchleasaithe go síoraí ag iarraidh iad féin a thomhas i gcoinne na bhfathach.


Ní shéanfainn an ceart sin ar pheileadóirí Phort Láirge róghasta. Ní bheadh fhios agat, gach seans go gcruthóidh siad ábhar
iontais eile ar an bpáirc imeartha go gairid!

Lean Evanne ar Twitter @EvanneNic

Cluichí móra don dá chontae is láidre sa chamógaíocht

An Satharn beag seo, socrófar coinne mhór don dá chontae is láidre sa chamógaíocht. Imreofar na cluichí leathcheannais sa chraobh sinsir i bPáirc Uí Nualáin, leis an nGaillimh ag tabhairt aghaidh ar na seaimpíní Corcaigh, agus Cill Chainnigh ag dul in iomaíocht lena gcomharsana Loch Garman. Iad uile ag iarraidh an dáta, 12/09/2010, a scrabhadh isteach sa dialann. Cé go bhfuil Corcaigh ar thóir an tríú teideal as a chéile i mbliana, tá an chuma air go bhféadfadh aon fhoireann a bheith sa chluiche ceannais. Beidh an dá chluiche Dé Satharn iontach cóngarach. Anuraidh, do chaill Gaillimh an cluiche leathcheannais i gcoinne Chill Chainnigh le dhá phointe. Bhíodar chun tosaigh an t-am ar fad go dtí gur chuir an t-ionadaí Marie O’Connor an sliotar sa chúl in am breise. Tá an lá sin fós ag cur isteach ar imreoirí Noel Finn, agus ná bíodh ionadh orainn má shéanann siad an t-éacht mór stairiúil ar Chorcaigh Dé Satharn dá bharr. Mura dtagann feabhas ar thaispeántais na seaimpíní i gcathair Chill Chainnigh, tá gach seans go mbeidh siad ag cur na gcamán i bhfolach sa bhothán don gheimhreadh. Chailleadar sna babhtaí craoibhe i gcoinne na Gaillimhe agus Chill Chainnigh cheana féin, agus bhí an chuma air go rabhadar tuirseach. Beidh an bainisteoir Denise Cronin ag brath go mór ar thaispeántas den scoth ó Gemma O’Connor i lár na páirce. Má bhuann sí dóthain liathróide, agus má chruthaíonn sí dóthain seansanna, beidh Corcaigh ina mbagairt mar is gnáth. Má chuireann imreoirí na Gaillimhe srian ar leithéidí O’Connor, Orla Cotter agus Shíle Burns beidh deis acu an lámh in uachtar a fháil. Ba chóir dóibh smaoineamh siar chomh fada le mí Lúnasa seo caite nuair a d’fhágadar Páirc Uí Nualáin tar éis cailliúint sna cluichí leathcheannais. Ní bheidh fonn orthu é sin a dhéanamh i mbliana. Is é an t-aon chluiche a chaill Cill Chainnigh go dtí seo sa chraobh i mbliana, ná an cluiche deireanach sna babhtaí i gcoinne Loch Garman. Chailleadar cluiche ceannais na sraithe i gcoinne an fhreasúra chéanna níos luaithe sa bhliain, agus mar sin beidh díoltas ar intinn acu. Foireann an-óg atá ag Ann Downey, ach ná ligimis dóibh an dallamullóg a chur orainn! Tá an oiread sin boinn faoi aois agus mionúir ag na himreoirí sin, imreoirí a bhfuil aithne mhaith acu ar a chéile. Dar le roinnt saineolaithe, chomh luath agus a bhuann an fhoireann sin craobh sinsir amháin, leanfaidh siad orthu ag buachan, rud atá á dhéanamh ag Corcaigh le blianta beaga anuas. Más iad Cill Chainnigh an fhoireann is óige sa chomórtas, is iad Loch Garman an fhoireann is fisiciúla. Beidh ar leithéidí Aoife Neary, Michelle Quilty agus Denise Gaule ligean don scil an lámh in uachtar a fháil ar láidreacht chúlaithe Loch Gorman. Tá móiminteam ag Loch Gorman ag dul isteach sa chluiche seo, ach níos mó ná sin, tá ceann dos na tosaithe is tapúla agus is cruinne acu in Úna Leacy. An t-aon mhíbhuntáiste a leanann an móiminteam sin ná go gceapfadh Loch Garman go bhfuil an cluiche buaite acu sula gcaitear isteach an sliotar. Ní dóigh liom go nglacfadh JJ Doyle lena leithéid de smaoineamh, ach má tá an iomarca féinmhuinín neamhdhlisteanach ag Loch Garman, léimfidh na cait orthu de gheit!

Cluiche Leathcheannais Sinsir na Camógaíochta

Páírc Uí Nualáin, Dé Sathairn an 14 Lúnasa

■ Corcaigh v Gaillimh, 2.00pm

■ Cill Chainnigh v Loch Garman, 4.00pm.

Rud amháin faoi leith a rinne Daly ná tallann a aithint

Ó fuair Baile Átha Cliath an lámh in uachtar ar Chill Chainnigh i gcluiche ceannais na Sraithe Náisiúnta, tá lucht leanúna na hiomána ar bís don Chraobh, agus go mór mór, don chéad bhabhta idir na Dubs agus Uíbh Fhailí, ar an Domhnach beag seo.

Tá sé cruthaithe ag Uíbh Fhailí le blianta beaga anuas go bhfuil sé ar chumas an chontae pleananna na bhfoirne móra a mhilleadh. An bhliain seo caite, bhí dóchas ar leith ag baint le foireann na Gaillimhe, ach thóg sé cluiche amháin agus athimirt ar fhir John McIntyre Uíbh Fhailí a bhualadh. Tá geit bainte ag fir Joe Dooley as contaetha eile le déanaí chomh maith, agus táthar ag fanacht le feiceáil anois an mbeidh an tionchar céanna acu ar fhoireann Anthony Daly.

Is as Gaillimh do Niall Corcoran, a imríonn sna cúlaithe do Bhaile Átha Cliath. Labhair mé leis cúpla mí i ndiaidh thús Daly in 2009. D’inis sé dom gur tháinig céim in airde thar chuimse ar chúrsaí traenála lom díreach. Dúirt sé nach raibh an oiread sin oibre déanta ag imreoirí na príomhchathrach riamh cheana ar chúrsaí nirt agus lúthchleasaíochta.

Ba é Humphrey Kelleher a bhíodh i bhfeighil an phainéil roimh fhear an Chláir, agus cé gur shárbhainisteoir a bhí in Kelleher, thuig lucht iomána Bhaile Átha Cliath go raibh a gcuid iománaithe sinsir ullamh le dul in iomaíocht leis na ‘fir mhóra’ as Corcaigh, Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann. Thuig siad chomh maith go mbeadh géarghá le céim in airde sa seomra bainistíochta, ó thaobh taithí imeartha agus bainistíochta ag an leibhéal is airde. Bhí Daly ar thóir dúshlán nua — dúirt sé an méid sin liom siar in 2009.

Is i bhfoirm Corcoran agus a chomhpháirtithe a tháinig an dúshlán sin. Ó shin i leith, tá feachtais samhraidh na Dubs neartaithe go mór, bliain i ndiaidh bliana. Ní hionann é sin is a rá áfach, go raibh draíocht de shórt éigin ag baint le ceannaireacht Daly. Cinnte is bainisteoir an-mhaith é, ach bhí bunchloch láidir leagtha siar chomh fada leis na nóchaidí ag Baile Átha Cliath. Thosaigh an obair dhian leis na foirne faoi aois sna clubanna, agus is i bhfoirm leithéidí Stephen Hiney, Alan McCrabbe agus Thomáis Brady a fheicimid an obair sin anois.

Níl i bhfoirne 2009, 2010 agus 2011 ach an chéad bhabhta de thonnta an dula chun chinn sin. Rud amháin faoi leith a dhein Daly áfach, ná tallann speisialta a aithint, a spreagadh, agus a chaomhnú. Ní fhéadfaí a shéanadh ach go bhfuil tionchar ollmhór ag beirt ar leith ar rath Bhaile Átha Cliath go dtí seo i mbliana: iarimreoir Thiobraid Árann, Ryan O’Dwyer, agus iarpheileadóir Bhaile Átha Cliath, Conal Keaney.

Bhí Anthony Daly lárnach sna babhtaí comhchainteanna idir an bheirt sin, agus Comhairle Chontae Átha Cliath. Is uirlis foghlamtha é ré Daly, do bhainisteoirí nua agus óga, atá ag iarraidh céim in airde a sholáthar dá bhfoirne. Sin an fáth go bhfuil súil faoi leith ag daoine ar iománaithe na príomhchathrach i mbliana. Tá bóthar deacair acu i dtreo chluiche ceannais Laighean i gcoinne Chill Chainnigh, ach má tharlaíonn sé sin, ná bíodh ionadh oraibh má thógann fir Daly céim in airde eile, agus iad ag druidim i dtreo Mhí Mheán Fómhair 2011.

Ní bheidh seaimpín ó na cúigí le feiceáil i bPáirc an Chrócaigh

Níl craobhchomórtas na peile buaite ag contae ar bith seachas Ciarraí nó Tír Eoghain ó 2002 ar aghaidh, agus anois, a bhuíochas ar an deireadh seachtaine spleodrach, beidh iomaitheoirí úrnua le feiceáil i Mí Lúnasa i mbliana. Má thugaimid sracfhéachaint ar na foirne atá fágtha sa chraobh, ní mór dul siar chomh fada le 1995, chun craobh bhuacach a mheabhrú eatarthu, nuair a tháinig Jason Sherlock agus a chomhghleacaithe chun tosaigh. Níl aon cheiliúradh déanta ag muintir an Dúin ó 1994, ná ag lucht leanúna pheileadóirí Chorcaí ó 1990. Mí mór dul siar chomh fada le 1928 don rathúil is déanaí i gCill Dara. Ar an taobh eile, ní fheadar an bhfuil deireadh ag teacht le ré rathúil fhoireann Mickey Harte? Cinnte tá sé fíordheacair ar bhainisteoir, imreoir ar nós Brian Dooher a thógáil den pháirc le linn cluiche craoibhe, ach rith sé liom le linn an dara leath i gcoinne Bhaile Átha Cliath go raibh Dooher tuirseach traochta, agus go mbeadh sé níos éifeachtaí imreoir óg a chur ann ar a shon. Is dóigh liom go bhfuil babhta idirthréimhseach ag teacht anois do Thír Eoghain, ach caithfear fir Pat Gilroy a mholadh as ucht an taispeántais a thug siad chomh maith. Bhí muintir Átha Cliath ag fanacht leis an taispeántas sin leis na blianta fada anuas, ach le bua mar sin faighte acu, agus iad ag dul i bhfeabhas seachtain i ndiaidh seachtaine, ní féidir a shéanadh ach gur bagairt anois iad do Chorcaigh.

Comórtas blasta a bheidh ann ar an 22 Lúnasa nuair a bhuailfidh fir Gilroy le fir Con Counihan. Ní raibh cluiche sách iomaíoch ag Corcaigh sna babhtaí ceathrú ceannais, agus tá seans ann anois go ngéaróidh sé sin an comórtas eatarthu. Ar pháipéar, tá an chuma air go mbuafaidh Corcaigh an corn i mbliana, ach ba iad Cill Dara a chuaigh go mór i bhfeidhm ormsa an deireadh seachtaine seo caite. Bhraith siad uathu Dermot Earley nuair a d’fhág sé an pháirc sa dara nóiméad, agus cé go raibh siad 1-03 le 0-00 chun deiridh go luath ina dhiaidh sin, thaispeáin siad diongbháilteacht agus spiorad dochreidte as sin amach. Bhí siad níos aclaí, go mór mór sa dara leath, bhí siad níos cruinne ón imirt, agus scóráil siad dhá chúl den scoth nuair a bhí géarghá leo. Más rud é gur tháinig deireadh le ré Thír Eoghain ag an deireadh seachtaine, ní mar sin atá sé do Chiarraí, in ainneoin críoch a bheith curtha ag an Dún lena séasúr siúd. Fuair fir Uladh tús iontach, agus bhraith Ciarraí Tomás Ó Sé agus Paul Galvin uatha agus iad ag iarraidh teacht isteach sa chluiche arís. Tabharfaidh an Dún aghaidh ar Chill Dara ar an 29 Lúnasa, agus cé go raibh peil shuntasach le feiceáil ón Dún i gcoinne Chiarraí, is dóigh liom gurb iad fir Laighean a bheidh ag ceiliúradh an lá céanna. Tá siad níos téagartha, agus faoin am seo, tá dóthain taithí acu le cluiche ceannais a shroicheadh. Tá an Dún bliain nó dhó taobh thiar de Chill Dara ó thaobh forbartha de. Mí stairiúil atá i ndán dúinn. Ní bheidh seaimpín ar bith ó na cúigí le feiceáil i bPáirc an Chrócaigh, agus sin an rud is spreagúla mar gheall ar na cluichí atá le teacht idir seo agus an tríú Domhnach de Mhí Mheán Fómhair.

Plean ag teastáil le déileáil le himirce

Ba shuimiúil an méid a bhí le rá ag bainisteoir Mhuineacháin, Eamon McEneaney agus iarpheileadóir an Dúin, Conor Deegan an tseachtain seo caite, mar gheall ar imirce, agus an tionchar a bheidh aige ar fhoirne idirchontae i rith an tsamhraidh.

Toisc gur cluichí amaitéaracha iad an pheil agus an iomáint, is bagairt sa chúlra í an imirce gach bliain, ach, is cosúil go bhfuil an feiniméan ag déanamh dochair nach bhfuil taithí againn air do phainéil de chuid Chumann Lúthchleas Gael i mbliana. Tháinig sé chun solais an tseachtain seo caite nach raibh an dara rogha ag peileadóir Mhuineacháin Tommy Freeman, ach dul go Meiriceá ar thóir oibre. Agus ní ina aonar atá an tosaí cumasach.

Tá na céadta imreoir imithe thar lear le déanaí, agus faraor, ní imreoirí contae amháin atá á gcailleadh againn. Dúradh le déanaí go raibh seachtar ó phainéal Declan Ryan i dTiobraid Árann dífhostaithe faoi láthair. Gach seans go bhfuil laghdú tagtha ar an uimhir sin, ach is beag dóchas a thugann sé dúinn.

Chuir Eamon McEneaney (thús) brú ar Chumann Lúthchleas Gael an tseachtain seo caite fostaíocht de shórt éigin a chur ar fáil d’imreoirí sinsir idirchontae. Smaoineamh iontach a bhí aige, poist traenála agus bhainistíochta a chruthú. Anois, d’admhaigh sé nach mbeadh an t-airgead ann i ngach contae chun é sin a dhéanamh, ach ag an am céanna, tús maith a bheadh ann chun plean fostaíochta a chur le chéile ar a laghad.

Táimse féin fós ag imirt camógaíochta leis an gclub camógaíochta, Portobello, i mBaile Átha Cliath. Tá triúr imreoirí den scoth caillte againn ón séasúr seo caite, iad ar fad imithe go dtí an Bhreatain ar thóir oibre, agus saol níos rathúla dóibh féin. Níl aon dabht ach go bhfuil an rud ceannann céanna ag tarlú gach seachtain i gclubanna ar fud na tíre.

Cuireadh ar an eolas sinn mar gheall ar mholadh eile an tseachtain seo caite chomh maith. Mhol iarpheileadóir Cho. an Dúin, Conor Deegan, gur chóir do Chumann Lúthchleas Gael a chinntiú go bhfaigheadh imreoirí idirchontae cóir fhabhrach i leith aon fholúntais áitiúla. Cé go n-aontaím leis go bhfuil géarghá le haicsean tá i bhfad níos mó ná na himreoirí sin ag fulaingt.

Bheadh sé dainséarach agus conspóideach, dar liomsa, dá mbeadh poist mhúinteoireachta, feirmeoireachta, chuntasóireachta nó leighis a dtabhairt do "na leaids" gan na deiseanna céanna a thabhairt don phobal i gcoitinne. Ní dóigh liom go bhfuil an scéal iomlán dubh agus bán, ach má tá, b’fhéidir gur réitigh McEneaney dearcadh liath dúinn nuair a chruthaigh sé argóint láidir a bhaineann le cúrsaí traenála.

Tá ag éirí go geal le bainisteoirí óga le déanaí. D’fhéadfadh ár n-imreoirí dífhostaithe rath a bhaint amach ag obair ar son na mbord contae mar bhainisteoirí agus mar thraenálaithe faoi aois chomh maith!

Lean Evanne ar Twitter @EvanneNic

Beidh ardmheas ar Sheán Óg go deo

Oíche Déardaoin seo caite, bhí ceiliúradh speisialta againn in Montrose, ar son fir a chaith níos mó ná seachtó 70 bliain ag craoladh ar RTÉ Raidió Teilifís Éireann. Ní ball den aos óg atá san fhear uasal céanna, ach fós féin, is Seán ‘Óg’ a ghlaoitear air i gcónaí.

Is fear é Seán Óg Ó Ceallacháin (thuas ar chlé leis an gcolúnaí, ar dheis), a bhfuil clú air i measc lucht tacaíochta an spóirt, agus ar ndóigh, Ghaeil na tíre seo i gcoitinne. Bhí Seán Óg bainteach le grúpa ceoil a chas ar 2RN siar chomh fada le 1933, agus is ag an am sin a thit sé i ngrá le cúrsaí craoltóireachta. Is dócha go raibh an cháil ba mhó air áfach, toisc an clár raidió a roinn sé lena athair, Seán, ar Raidió Éireann ó 1948 ar aghaidh.

Clár torthaí a bhí ann, torthaí spóirt. Gach Domhnach go dílis, léadh an bheirt na torthaí spóirt ar fad amach ar na haerbhealaí ar son lucht leanúna na peile, na hiomána, na dornálaíochta agus aon spóirt eile a bhí ar siúl ag an am. Labhair mé le Seán Óg oíche Déardaoin seo caite mar gheall ar na laethanta luatha sin, nuair a choimeád Seán sinsir agus Seán Óg muintir na tíre ar fad ar an eolas mar gheall ar chúrsaí spóirt. “Ní raibh aon ghutháin ag an am sin, agus bhíomar ag brath ar an máistir scoile, an garda áitiúil agus an sagart i ngach baile beag.

“Bhaileoidís na torthaí peile nó iománaíochta áitiúla, agus chuirfeadh m’athair glaoch ar stáisiúin na nGardaí chun na torthaí ar fad a bhailiú! Tá rudaí i bhfad níos simplí anois!” I 1953, bhí ar Sheán sinsir éirí as an gclár toisc go raibh casachtach dhona air. Ón lá sin ar aghaidh, is ar Sheán Óg a bhí an dualgas na torthaí ar fad a léamh amach, rud a dhein sé gach seachtain go dtí an Domhnach seo caite. “Beidhdeacair éirí as,” a dúirt sé liom. “Beidh mé brónach agus corraitheach go leor ag fágáil slán leis, toisc gur thaitin sé go mór liom. Chomh maith leis sin, is nós atá ann faoin am seo!”

Amárach, an 12 Bealtaine 2011, beidh ceiliúradh eile ag an gCeallachánach, agus ocht mbliana agus ceithre scór slánaithe aige! Tá sé deacair a thuiscint conas a leanann aon duine ar aghaidh sa phost céanna ar feadh 63 bliain, agus aois 88 shroichte acu le linn an ama sin. Bhí paisean, stuaim, agus díograis ag mo chara agus mo chomhpháirtí Seán Óg, rud a spreag na daoine eile mórthimpeall air, mé féin san áireamh.

Fágfar folúntas mór ina dhiaidh. Le héirí as Sheáin Óig, tá an gnéchlár is leanúnaí ar domhan tagtha chun críche. Cinnte, braithfimid a ghlór binn uainn, ach faraor, ní bhíonn tréan buan. Tá drogall orm a admháil go bhfuil ré órga na gcraoltóirí inspioráideacha beagnach thart, ach sin mar atá. Lean Seán Óg Micheál Ó Muircheartaigh amach cúldoras RTÉ, ach níor fhág ceachtar acu slán ag lucht spóirt na tíre seo. Ní bhíonn in aon rud ach seal, ach beidh ardmheas ag muintir na tíre seo ar leithéidí Mhichíl agus Sheáin Óig go deo.

Foinse Ceathrar fós faoi choimeád maidir le dúnmharú fir i nGaillimh - http://is.gd/RnjMG3 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:30AM Jun 07
Foinse Pianbhreith le gearradh ar iarshagart as dhá chúis de mhí-úsáid ghn - http://is.gd/GG4KIs - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:15AM Jun 07
Foinse An Stát chun achomharc a dhéanamh maidir le rialú a thug an Ard-Chúi - http://is.gd/6uUlU6 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
02:46PM Jun 06
Foinse Deis cógais níos saoire a chur ar fáil d'othair - http://is.gd/duhG26 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
11:53AM Jun 06
Foinse Teachtaireacht ó cheannaire Al-Qaeda do mhuintir na Siria - http://is.gd/B1udmP - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:48AM Jun 06