RSS

TÁ TÚ ANSEO Spórt Blag Spóirt Daoine óga (agus eile) ag taisteal

Daoine óga (agus eile) ag taisteal

Bhí mé amuigh ag Aerfort Átha Cliath faoi dhó le seachtain anuas chun mo bheirt mhac a bhailiú agus iad sa bhaile don Nollaig. Is iomaí cúis ag duine a thír dhúchais a fhágáil. An ghéarchéim sa gheilleagar, ar ndóigh, an fáth a bhfuil go leor daoine ag imeacht leo i láthair na huaire. Mar a scríobhadh in amhrán de chuid Einniú:

Ó níor theastaigh uathu imeacht

óna gcairde, óna gclann

ach céard eile a bhí le déanamh

nuair nach bhfuil aon obair ann?

 

Ach measaim féin nach deireadh an tsaoil é an imirce. Tá domhan fada fairsing amuigh ansin agus deis ag daoine anois cuid éigin de a fheiceáil. Diabhal locht a bheadh agam orthu dá gcinnfidís an t-ancaire a thógáil agus a gcuid seolta a chrochadh ar feadh bliain nó dhó nó trí.

Nach méanar do lucht spóirt, a deirim, na himreoirí sacair go háirithe, a bhíonn ag taisteal ó thír go tír. Bliain anseo, trí bliana ansiúd agus iad ar a ndícheall saibhreas a chnuasach a choinneoidh an gorta uathu tráth nach mbeidh an ráchairt chéanna ar a gcuid scileanna ar pháirc na himeartha.

Ní ag caint ar imreoirí ardtuarastail atá mé, daoine ar nós Zlatan Ibrahimović nó Samuel Eto’o, ach ar na spailpíní sacair nach gcloistear fúthu mórán ar chor ar bith ach a shaothraíonn mar sin féin in aon seachtain amháin an oiread céanna is a shaothróinn féin in imeacht bliana.

Ach má shocraigh Gérard Depardieu, duine de mhóraisteoirí na Fraince, a thír dhúchais féin a fhágáil ag tús na míosa agus cur faoi i ndeisceart na Beilge de bharr ghéire an chórais cánach sa Fhrainc, ní lá fós é an cáineadh géar a tharraing sé air féin ó chuid den phobal.

Gníomh suarach’ a bhí ann, dar le príomh-aire na tíre, Jean-Marc Ayrault, gur shocraigh Depardieu éalú ón bhFrainc chun nach mbeadh air a chuid cánacha a íoc. ‘Is duine saor mé,’ arsa Depardieu, ‘níor mharaigh mé éinne… is féidir liom dul pé áit is mian liom.’

Nuair a tháinig François Hollande i gcomharbacht ar Nicolas Sarkozy mar uachtarán ar an bhFrainc i mí na Bealtaine seo caite, d’fhógair sé láithreach go gcuirfí i bhfeidhm ráta nua cánach. An té a raibh ioncam de mhilliún euro nó níos mó in aghaidh na bliana á shaothrú aige, bheadh air 75% a íoc ar gach euro os cionn an mhilliúin.

‘An ghéarleanúint is measa ó bhí an réabhlóid ann sa bhliain 1789,’ dar le Boris Johnson, méara Londan, ag caint dó le deireanas faoin léigear cánach atá á dhéanamh ar lucht an rachmais sa Fhrainc. Thug sé le fios go gcuirfí i gcónaí fáilte roimh fhiontraithe óga ón bhFrainc teacht go Londain má theastaigh uathu gnó a chur ar bun ann.

Tuigtear go bhfuil os cionn 400,000 Francach ina gcónaí i bpríomhchathair na Ríochta Aontaithe faoi láthair agus fonn orthu fanacht ann de réir cosúlachta. Ina measc, áirítear neart imreoirí gairmiúla sacair, iad meallta ag airgead mór agus ag rátaí cánach atá níos cineálta ná sa Fhrainc féin.  

Ní hé Depardieu an t-aon Fhrancach riamh a shocraigh cur in aghaidh bheartas cánach an rialtais. Tá na céadta duine eile, idir aisteoirí agus cheoltóirí, lucht tionscail agus imreoirí sacair, tar éis an Fhrainc a fhágáil agus iad lonnaithe anois ar an gcoigríoch, an Bheilg agus an Eilvéis mar shampla mar aon le Sasana, áit a deir siad ina gcaitear go cothrom leo.

Ach líonfar an follús a fhágfaidh Depardieu ina dhiaidh. Ní fada go bhfeicfear daoine óga eile ag teacht chun tosaigh atá chomh cumasach céanna leis. Go deimhin, tá lánchead ag Depardieu cónaí pé áit is mian leis agus ní chuirfidh mé ina aghaidh má roghnaíonn sé na cosa a thabhairt leis toisc go measann sé go bhfuil a chuid déanta aige ó thaobh cúrsaí cánach de.

Is cinnte go mbíonn an teacht is an imeacht ag na haerfoirt crua ar dhaoine an tráth seo bliana. Ach dá mbreathnófaí ar an scéal go fuarchúiseach, níor cheart a bheith thíos ar an imirce. Tá neart neart buntáistí bainteach léi. Pé scéal é, nuair atá an cinneadh déanta ag duine imeacht, ní fiú cur ina choinne.