Cumann Lúthcleas Gael
Seamus Hickey amuigh de bharr gortaithe
Meastar anois nach mbeidh imreoir Luimnigh, Seamus Hickey, ábalta imirt i gCraobhchomórtas Sinsear na Mumhan san Iománaíocht.
Fógraíodh an méid seo tar éis do Hickey a lámh a bhriseadh thar an deireadh seachtaine, fad is a bhí ag imirt le Murroe-Boher do Chraobhchomórtas Sinsear Luimnigh san Iománaíocht.
Leis seo, ní bheidh sé ábalta imirt dá chontae i gcoinne Thiobraid Árann seachtain ón Domhnach seo chugainn.
Is cailliúint mhór é do Luimneach ach tá Declan Hannon ar ais i mbun traenála an tseachtain seo agus súil acu go mbeidh sé ar ais i mbun imeartha gan mhoill freisin.
Tuilleadh...
Dea-scéala d'fhoireann peile na Gaillimhe
Tá dea-scéala faighte ag foireann peile na Gaillimhe ar maidin inniu roimh a gcluiche i gcoinne Ros Comáin do Chraobhchomórtas Chonnacht.Tá sé tugtha le fios go bhféadfadh sé go mbeadh a n-imreoir, Michael Meehan, ar fáil dóibh don chéad chluiche i gcoinne Ros Comáin. Tá gortú ag...
Tuilleadh...
Imeacht curtha ar ceall ag club i dTír Eoghain de bharr agóidí faoi lucht an PSNI
Tá sé tugtha le fios anois go bhfuil club i dTír Eoghain tar éis imeacht dá gcuid a chur ar ceall mar gheall ar agóidí óna lucht leanúna.Deirtear go raibh ar lucht Derrytresk an t-imeacht, a bhí eagraithe acu mar pháirt den scéim ‘Live to Play’ chun sábháilteacht bhóthair a...
Tuilleadh...
Airgead goidte ó iománaithe Chill Mhantáin le linn a gcluiche inné
Tá sé deimhnithe ag Bord an Chontae i gCill Mhantáin anois gur goideadh líon mór airgid ón seomra feistis a bhí ag a bhfoireann sinsir iománaíochta inné.Goideadh an t-airgead le linn a gcluiche i gcoinne fhoireann an Dúin i mBaile Átha Troim tráthnóna inné.Deirtear gur goideadh...
Tuilleadh...
Gerry Cooney tar éis seasamh siar mar bhainisteoir ar Uíbh Fhailí
Tuairiscítear anois go bhfuil Gerry Cooney tar éis seasamh siar óna ról mar bhainisteoir ar fhoireann peile Uíbh Fhailí.Níl sé ach thart ar shé mhí ó shin ó ceapadh Cooney mar bhainisteoir ar an bhfoireann ar dtús. Níor éirigh go maith leis an bhfoireann sa tSraith Náisiúnta...
Tuilleadh...
Leathanach 1 as 12


Cumann Lúthcleas Gael


