Tá sé deimhnithe anois go bhfuil imreoir Thiobraid Árann, Lar Corbett, chun éirí as, a bheith ag imirt dá chontae ar an bhfoireann sinsir iománaíochta.
Tugadh le fios aréir gur dheimhnigh Corbett dá bhainisteoir, Declan Ryan go raibh sé ag éirí as agus d’eisigh Bord Contae Thiobraid Árann ráiteas oifigiúil maidir leis an scéala tráthnóna aréir.
Thug Corbett le fios nach raibh aon rogha aige ach an painéal a fhágáil. Dúirt sé nach raibh sé ábalta díriú go hiomlán ar an iománaíocht faoi láthair mar gheall ar ghealltanais oibre agus gnó atá le comhlíonadh aige.





