Fógraíodh inniu go bhfuil imreoir Thír Eoghain, Sean O’Neill, curtha ar fionraí ar feadh trí mhí ar fad, mar gheall ar eachtra a tharla ag cluiche an tseachtain seo caite.
Tá sé curtha i leith O’Neill gur thug sé drochíde bhéil don réiteoir, Sean Carroll le linn an chluiche, idir St. Mary’s as Béal Feirste agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, do Chorn Sigerson.
Deirtear gurb iad Coiste Cheannais na gComórtas (CCCC) a rinne an cinneadh don CLG, O’Neill a chur ar fionraí ar feadh trí mhí tar éis dóibh tuairisc an réiteora a léamh. Tá an t-imreoir Gavin Teague curtha ar fionraí freisin don tréimhse chéanna.





