Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 17 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Spórt Cumann Lúthcleas Gael Seolann iarbhainisteoir CLG Mhaigh Eo John O’Mahony Comórtas Peile na Gaeltachta

Seolann iarbhainisteoir CLG Mhaigh Eo John O’Mahony Comórtas Peile na Gaeltachta

Ríomhphost Priontáil PDF
IG_Comortas_Peile2
IG_Comortas_Peile

Seolann iarbhainisteoir CLG Mhaigh Eo John O’Mahony Comórtas Peile na Gaeltachta

Sheol iarbhainisteoir Mhaigh Eo John O’Mahony Comórtas Peile na Gaeltachta CLG Mhaigh Eo 2012 go hoifigiúil an tseachtain seo. Beidh an comórtas ar siúl i bpáirc CLG Bhaile an Chaisil i Maigh Eo thuaidh an deireadh seachtaine an 10ú agus 11ú Márta i mbliana.

Ag labhairt dó faoin gComórtas, dúirt O’Mahony go bhfuil sé ar cheann de na comórtais is tábhachtaí sa tír. Craoltar an cluiche ceannais ar TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tugann sé sin deis iontach d’imreoirí agus do chumainn a gcuid scileanna a léiriú ar ardán náisiúnta.

"Le blianta beaga anuas tá imreoirí idirchontae Mhaigh Eo ar nós Chris Barrett, Billy Joe Padden, Colm Cafferkey, Mikey Sweeney agus Fintan Ruddy i ndiaidh dul díreach ó chluichí ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta go dtí painéal sinsear Chontae Mhaigh Eo. Bíonn scoth na n-imreoirí peile le feiceáil ag an gComórtas agus tá súil agam go mbeidh sin amhlaidh ag na cluichí ceannais i mBaile an Chaisil i mbliana” a deir O’Mahony.

Dúirt Cathaoirleach Chomórtas Peile Mhaigh Eo Piaras Ó Raghallaigh go bhfuil tiomantas an-láidir le brath i leith an Chomórtais faoi láthair agus go bhfuil an-suim ag muintir na háite ann. Deir sé go bhfuil sé ag súil go mór le deireadh seachtaine iontach eile i mBaile an Chaisil.

"Tá na cumainn Ghaeltachta anseo i Maigh Eo an-láidir faoi láthair.  Tá Acaill, Tuar Mhic Éadaigh, Béal a’ Mhuirthead, Cill tSéadna, Cill Chomáin agus Baile an Chaisil ag déanamh go maith agus is iontach an rud é go bhfuil an comórtas seo ann.  Tá CLG Mhaigh Eo go mór taobh thiar den Chomórtas seo agus tá súil againn go mbeidh an-deireadh seachtaine againn i dTuaisceart Mhaigh Eo” a deir sé.

“Caithfimid leanúint ar aghaidh ag cur leis an méid atá bainte amach ag cumainn Ghaeltacht Mhaigh Eo le blianta beaga anuas ag na cluichí ceannais náisiúnta agus caithfimid taisteal go Gaoth Dobhair i nDún na nGall do na cluichí ceannais le seaimpíní tiomanta Mhaigh Eo, idir imreoirí sinsir agus imreoirí sóisir,” a deir sé.

Deir Cathaoirleach CLG Bhaile an Chaisil Martin Heffernan go bhfuil an-áthas air go bhfuil an cumann ina óstach ar chluichí ceannais Chomórtas Mhaigh Eo i mbliana. “Is mór an onóir é fáilte a chur roimh na cumainn eile i nGaeltacht Mhaigh Eo go Baile an Chaisil agus tá a fhios agam go bhfaighidh siad ‘Céad Míle Fáilte’ ó gach duine. Is é seo an chéad uair againn inár n-óstach ar chluichí ceannais Chomórtas Mhaigh Eo agus beimid ag cur fáilte mhór ó chroí roimh na cumainn eile go léir,” a deir sé.

Dúirt Oifigeach Cultúrtha agus Teanga le CLG Bhaile an Chaisil Deaglán Mac Congamhna go bhfuil an cumann ag pleanáil deireadh seachtaine lán d’imeachtaí thart ar Chomórtas na bliana seo.  “Beidh seisiúin cheoil ar siúl oíche Dé hAoine agus Dé Sathairn. Táimid ag eagrú turas cultúrtha agus stairiúil ar an gceantar tráthnóna Dé Sathairn le Séamus Caulfield agus beidh dhá Aifreann speisialta i nGaeilge ar siúl i mBaile an Chaisil agus i mBéal Deirg Dé Domhnaigh,” a deir sé.

Seo a leanas Tarraingt an Chomórtais

CLUICHÍ LEATHCHEANNAIS SÓISEAR AN CHOMÓRTAIS: 10 Márta i mBaile an Chasil

11.00am:       Baile an Chaisil vs. Cill Chomáin

12.30pm:       Béal an Mhuirthead vs. Cill tSéadna

TARRAINGT SINSEAR AN CHOMÓRTAIS

Réamhbhabhta le himirt an 3/4 Márta.

Acaill vs. Beál an Mhuirthead (Le Deimhniú)

CLUICHÍ LEATHCHEANNAIS SINSEAR AN CHOMÓRTAIS

2.00pm:          Buaiteoirí an Réamhbhabhta vs. Cill tSéadna

3.30pm:          Tuar Mhic Éadaigh vs. Cill Chomáin

Imreofar na ceithre chluiche leathcheannais Dé Sathairn, 10 Márta i bPáirc CLG Tom Langan i mBaile an Chaisil agus beidh na cluichí ceannais ar súil Dé Domhnaigh, 11ú Márta san áit chéanna. Imreofar an Cluiche Ceannais Sóisear ag 2.00pm agus Cluiche Ceannais Sinsear an Chomórtais ag 3.30pm.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

An aontaíonn tú gur cheart bunscoileanna beaga a dhúnadh ar fud na tíre?



Torthaí

Twitter

 
Foinse Kenny Dalglish briste as a phost - http://t.co/pbcSEjhd - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 11 hours ago
 
Foinse Díríonn alt faisin na seachtaine seo in Foinse ar Stíl na dTreibheanna le hearraí ó @NewLookFashion @nextofficial @brownthomas & tuilleadh
About 12 hours ago